Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Franz Kafka

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFranz Kafka

(1923)Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Iúil 1883
Prág (an Ostair-Ungáir)
Bás3 Meitheamh 1924
40 bliana d'aois
Kierling (an Ostair)
Siocair bháisBás nádúrtha (Laryngeal tuberculosis(en)Aistrigh agusocras)
Áit adhlacthaNew Jewish Cemetery(en)Aistrigh
Grave of Franz Kafka(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachGiúdaigh Aisceanazaíocha
Scoil a d'fhreastail sé/síGerman University in Prague(en)Aistrigh-dlí (1901–1906)
philosophy faculty of the German university of Prague(en)Aistrigh
Ollscoil Shéarlais i bPrág
Faculty of Law, German University in Prague(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePrág
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis agusan tSeicis
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht agusPrague German Literature(en)Aistrigh
Gairmúrscéalaí, scríbhneoir scripte, dlíodóir, file dlíodóra, claims adjuster(en)Aistrigh, scríbhneoir próis, aistritheoir, nathaí, dialannaí, fabhalscéalaí, gearrscéalaí, scríbhneoirCuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama20ú haois
Tréimhse oibre1904 –
FostóirAssicurazioni Generali
Allgemeine Unfallversicherungsanstalt(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
SeánraNua-aoiseachas,belles-lettres,gearrscéal,pritcha(en)Aistrigh agusmearfhicsean
GluaiseachtLitríocht nua-aoiseach aguseiseachas
Mac/iníon léinn de chuidFriedrich Thieberger
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis agusan tSeicis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
Céileluach ar iarraidhCuir in eagar ar Wikidata
PáirtíDora DiamantCuir in eagar ar Wikidata
Páisteluach ar iarraidhCuir in eagar ar Wikidata
AthairHermann Kafka  agus Julie Kafka
SiblínElli Kafka,Valli Kafka agusOttla Kafka
Síniú

IMDB: nm0434525FilmAffinity: 315957115Allocine: 37066Allmovie: p217647IBDB: 11025TMDB.org: 30717
Facebook: FranzKafkaAuthorYoutube: UCkqAEWd6O4sXCWA7bZXH0OgSpotify: 7MRBURCph1WLG6O5PSh7wRApple Music: 17268605Musicbrainz: 43b658ff-e3e4-4928-9685-b1b7224d61d4Discogs: 431267IMSLP: Category:Kafka,_FranzAllmusic: mn0001979986Goodreads author: 5223Find a Grave: 559Project Gutenberg: 1735Cuir in eagar ar Wikidata

Feidhmeannachárachais,dlíodóir agusscríbhneoirGearmáinise ab eaFranz Kafka (3 Iúil1883 -3 Meitheamh1924). Meastar go forleathan go bhfuil Kafka ar cheann de na daoine is mó tionchair i litríocht an 20ú haois.

Saol

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tús a shaoil

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Rugadh Kafka i bPrág sanOstair-Ungáir ag an am, arb ípríomhchathair naSeice inniu í, agus tógadh i dteaghlach meánaicmeachGiúdach é.

Céimí de chuid Deutsche Karl-Ferdinands-Universität (Ollscoil Ghearmánach Karl-Ferdinand) i bPrág, d'aistrigh Kafka ón gceimic go dtí an dlí mar a phríomhábhar staidéir, ionas go mbeadh deis ní ba mhó aige staidéar a dhéanamh ar an nGearmáinis agus arstair na healaíne agus toisc go raibh deiseanna gairme ní b'fhearr ag gabháil leis.[1]

Fuair Kafkadochtúireacht sadlí sa bhliain 1906, tar éis dó staidéar a dhéanamh air ar feadh cúig bliana. Chaith sé bliain ina dhiaidh sin mar intéirneach gan phá sna cúirteanna, de réir a oibleagáide.

Obair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Chaith Kafka an chuid eile dá shaol oibre in dháchomhlacht árachais,

  • Assicurazioni Generali (1907-1908) agus
  • an Arbeiter-Unfallversicherungs-Anstalt für das Königreich Böhmen in Prag (An Foras um Árachas Timpiste na n-Oibrithe le haghaidh Ríocht na Boihéime i bPrág, 1908-1918).

An chuid is mó den am sin, dhéanadh Kafka fiosrúchán ar éilimh árachais maidir le timpistí agus measúnú árachais. De ghnáth chríochnaíodh Kafka a chuid oibre faoi 2in gach lá. Mar sin bhí go leor ama aige lena chuidscríbhneoireachta a dhéanamh.

Franz Kafka roimh 1900

Bás

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sa bhliain 1918, cuireadh Kafka amach arphinsean míchumais mar gheall ar aneitinn, siocair a bháis sé bliana ina dhiaidh sin.

Aneitinn ba thrúig bháis do Kafka. Bhásaigh sé in Klosterneuburg in aice le Vín.[2] De réir dealraimh, fuair Kafka bás go díreach leis an ocras ós rud é go raibhlaraing athlasta aige de bharr na heitinne.

Saothar

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Níor foilsíodh an chuid ba mhó dár scríobh Kafka ach i ndiaidh a bháis (féach na lisotaí thíos).

B'é a dhlúthchara agus seiceadóir liteartha, an scríbhneoir Max Brod (a bhí ina mhac léinn dlí leis), a choinnigh lámhscríbhinní Kafka i dtaisce. Thug Brod neamhaird ar threoir a thug Kafka ar leaba a bháis go ndófaí a chuid saothar neamhfhoilsithe. Chuir Brod os comhair an tsaoil mhóir iad, cé go raibh sé ordaithe ag Kafka féin dó na páipéir a chur trí thine.

deirfiúracha Kafka

Is iomaí saothar as an gcuid is clúití dá chuid scríbhneoireachta—mar shampla

  • Der Prozess“ (An Triail) (a bhfuil an fáthscéal „Vor dem Gesetz“ (I Láthair an Dlí) istigh ann, a foilsíodh cheana féin sa bhliain 1915). Gabhtar fear maidin amháin ar chúisimh anaithnide, agus feictear é féin faoi whims cúirte aisteach.
  • Der Schloss“ (An Caisleán)—tá mearbhall agus éidreoir le feiceáil iontu, faoi mar a bheadh i dtromluí, agus duine á chloí ag maorlathas atá míloighciúil agus treallach, de réir cosúlachta.

Tá móitífeanna agus téamaí ón dlí go mór i gceist ina chuid saothar.[3] Ar an mbealach sin, gan amhras, spreag oiliúint Kafka sa dlí agus a chuid oibre mar fheidhmeannach árachais a chuid saothar liteartha, go pointe áirithe, fiú mura raibh sé ar intinn ak Kafka scigaithris a dhéanamh ar cheachtar acu ar bhealach ar bith.

1910

Tionchar

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Chuaigh a chuidgearrscéalta agusúrscéalta go mór mór i bhfeidhm ar anlitríocht ó na1920idí ar aghaidh.

Is minic a dhéanann dlíodóirí agus breithiúna inniu tagairt reitriciúil do nóisean an 'Kafkachais' agus iad ag cáineadh léamha nó feidhmithe andlí atá saoithíneach, míloighciúil nó luaineach, dar leo.[4]

Foilseacháin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Foilsithe lena lá féin

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • 1909 -Ein Damenbrevier ("Portús do mhná")
  • 1909 -Gespräch mit dem Beter ("Comhrá le duine atá ag guí")
  • 1909 -Gespräch mit dem Betrunkenen ("Comhrá le duine atá ar meisce")
  • 1909 -Die Aeroplane in Brescia ("Na hEitleáin i mBrescia")
  • 1917
    1912 -Großer Lärm ("Torann Mór")
  • 1913 -Betrachtung ("Marana"; ocht dtéacs déag próis, ina measc:Der Ausflug ins Gebirge,Der plötzliche Spaziergang)
  • 1913 -Das Urteil ("An Breithiúnas")
  • 1913 -Der Heizer ("An Stócálaí", an chéad chaibidil as an úrscéal neamhchríochnaithe "Der Verschollene")
  • 1915 -Die Verwandlung (An Claochlú)
  • 1915 -Vor dem Gesetz ("Os Coinne an Dlí"[1], cuid den úrscéalDer Process)
  • 1918 -Der Mord ("An Dúnmharú", 1918; seanleagan de:Ein Brudermord, "An Fhionaíl" (1919))
  • 1918 -Ein Landarzt ("Dochtúir Tuaithe", ceithre théacs déag próis, ina measc an gearrscéalEin Landarzt féin, chomh maith leElf Söhne,Ein Bericht für eine Akademie agus a lán eile)
  • 1919 -In der Strafkolonie ("Sa Choilíneacht Phionóis")
  • 1921 -Der Kübelreiter ("An Fear atá ag Marcaíocht ar Bhuicéad Guail")
  • 1924 -Ein Hungerkünstler ("Ealaíontóir Ocrais", ceithre théacs próis)

Foilseacháin iarbháis

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • 1904–1905 -Beschreibung eines Kampfes ("Cur Síos ar Chath")
  • 1907–1908 -Hochzeitsvorbereitungen auf dem Lande ("Bainis Tuaithe á hUllmhú")
  • 1914–1915 -Der Dorfschullehrer ("Máistir na Scoile Tuaithe")
  • 1915 -Blumfeld, ein älterer Junggeselle ("Blumfeld, fear scothaosta nár phós")
  • 1916–1917 -Der Gruftwächter ("Garda an Tuama")
  • 1916–1917 -Die Brücke ("An Droichead". Max Brod a cheap an teideal.)
  • 1917 -Eine Kreuzung ("Crosbhóithre")
  • 1917 -Der Jäger Gracchus ("Gracchus, an Sealgaire". Max Brod a cheap an teideal)
  • 1917 -Beim Bau der Chinesischen Mauer ("Ag Tógáil Bhalla Mór na Síne")
  • 1917 -Eine alltägliche Verwirrung ("Meascán mearaí den ghnáthchineál". Max Brod a cheap an teideal)
  • 1919 -Brief an den Vater ("Litir chuig an Athair")
  • 1920 -Heimkehr ("Filleadh Abhaile" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1920 -Das Stadtwappen ("Armas na Cathrach" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1920 -Kleine Fabel ("Fabhalscéal Beag" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1922 -Forschungen eines Hundes ("Madra ag Fiosrú" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1922 -Das Ehepaar ("An Lánúin Pósta")
  • 1923–1924 -Der Bau ("An Láithreán Tógála", Max Brod a cheap an teideal)
  • 1925 -Der Process ("An Phróis Dlí"; bhreac an t-údar an scéal síos sna blianta 1914/15.Der Prozess an leagan comhaimseartha Gearmáinise den teideal, ach d'fheicfeáDer Prozeß agusDer Proceß freisin;Der Process a scríobh Kafka féin) (TugtarAn Triail ar leagan Gaeilge le Risteárd mac Annraoi den úrscéal seo.)
    fógra báis
  • 1926 -Das Schloss ("An Caisleán"; chuir Kafka an scéal seo ar pár an chéad uair sa bhliain 1922. Úrscéal neamhchríochnaithe é)
  • 1927 -Der Verschollene ("An Fear a nDeachaigh Ceal ann". Scríobh Kafka an chéad sceits sa bhliain 1912. B'é an teideal a cheap Brod dó náAmerika, is é sin, "Meiriceá", agus is minic a fhoilsítear an t-úrscéal seo faoin teideal sin inniu féin. Úrscéal neamhchríochnaithe eile atá ann).

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. UCD School of Law. "Franz Kafka (1883-1924)" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  2. "Österreichische Franz Kafka Gesellschaft: Gedenkraum". www.franzkafka.at. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  3. Scil Dlí, Ollscoil Chicago (2009). "[https://chicagounbound.uchicago.edu/cgi/viewcontent.cgi?article=5029&context=journal_articles Kafka: The Writer as Lawyer (reviewing StanleyCorngold, Jack Greenberg & Benno Wagner, eds.,Franz Kafka: The Office Writings)]". Dáta rochtana: 2020.
  4. Mar shampla, in Éirinn, Cearbhall Ó Dálaigh agus tagairt doMelling v O Mathghamhna [1962] IR 1 (SC) 41 nóWicklow County Council v O'Reilly [2019] IECA 257 (16 D.F. 2019) para 4.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Franz_Kafka&oldid=1243319"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp