| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 29 Iúil 1953 72 bliana d'aois Bun Cranncha, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Pobalscoil Charn Domhnaigh |
| Áit chónaithe | Bun Cranncha |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Baile Átha Cliath |
| Gairm | scríbhneoir scripte, múinteoir ollscoile, aistritheoir, file, scríbhneoir |
| Fostóir | Ollscoil Uladh |
| Ball de | |
| Faoi thionchar | |
| Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Isdrámadóir,file agus ollamh iomráiteach éFrank McGuinness nóProinsias MacAonghusa (a rugadh29 Iúil1953, igContae Dhún na nGall). Tá gairm acadúil measctha le gairm scríbhneora ag McGuinness.[1]
Tógadh imBun Cranncha i gContae Dhún na nGall é sular bhain sé céim amach igColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Bhí sé ina léachtóir inOllscoil Uladh agusMaigh Nuad sular thosaigh sé mar scríbhneoir cónaitheach igColáiste na hOllscoile,Baile Átha Cliath sna 1980idí. D'éirigh sé ansin ina Ollamh le scríbhneoireacht cruthaitheach i rannóg na Bhéarla, Drámaíocht agus Scannán igColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Phléigh McGuinness le hábhair chomh héagsúil le beathaCaravaggio, géarchéim giall na Liobáine, Shakespeare in Éirinn,Comhcheilg an Phúdair agus beatha Lizzie agus Mary Burns, céilí ÉireannachaEngels iManchain. Is mó a aithnítear é mar dhrámadóir agus file ach tá scripteanna scannáin, scripteanna teilifíse agus leabhróga scríofa aige chomh maith le ceoldráma stáitse, Donegal. Is iad an amhránaíocht agus an cóiriú na gnéithe is buana a fheictear ina shaothar.[1]
Thuil McGuinness clú lena chéad DrámaThe Factory Girls (1982) agus neartaigh a chlú nuair a chuireadh a drámaObserve the Sons of Ulster Marching towards the Somme (1986) ar an stáitse, ar dtús, inAmharclann na Mainistreach agus ansin go forleathan. Bronnadh neart duaiseanna air de bharr sin.
Tá roinnt mhaith aistriúcháin de dhrámaí clasaiceacha le drámadóirí cos súil leAnton Chekhov,Henrik Ibsen agusBertolt Brecht déanta aige. Foilsíodh bailiúchán filíochta leis den ainmBooterstown sa bhliain 1994.
Drámaí
Aistriúcháin
Dráma curtha in eagar do scannáin
Úrscéalta agus gearrscéalta
Tá dhá húrscéal scríofa ag McGuinness chomh maith le cnuasach gearrscéalta amháin.[1]