Is é atá i gceist leforbairt inbhuanaithe[1] ná forbairt nach ndéanfaidh dochar dontimpeallacht.[2]
Is sa tuarascáilÁr dTodhchaí Chomónta[3][4] sa bhliain 1987 de chuid naNáisún Aontaithe a úsáideadh an téarma “forbairt inbhuanaithe” den chéad uair. Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó atá roimh an gcine daonna sa 21ú haois. Ní haon ionadh mar sin go bhfuil na téarmaí “athrú aeráide”, “téamh domhanda” agus “forbairt inbhuanaithe” le cloisteáil go minic na laethanta seo.
In alt san irisThe Yale Review sa bhliain 1933, scríobh an t-eacnamaí clúiteachJohn Maynard Keynes go raibh an cine daonna ag scriosadh áilleacht an dúlra toisc nach raibh aon luach airgid ag baint leis an áilleacht sin. Tugadh an chluas bhodhar don rabhadh sin, go háirithe sna blianta tar éis anDara Cogadh Domhanda.[2]
Tháinig borradh faointionsclaíocht sa domhan forbartha ó na 1950idí ar aghaidh. D’éirigh namonarchana níos mó agus sceitheadh níos mó ábhar díobhálach san aer. Ach ba bheag cosaint a bhí ann dondúlra. Ba léir sula i bhfad go raibh an fás geilleagrach seo agus gníomhaíocht an chine dhaonna ag dul i bhfeidhm go mór ar an gcomhshaol.
Faoi lár na1970idí, tuigeadh do chuid mhór daoine go raibh fadhbanna ag teacht chun cinn agus gur ghá aghaidh a thabhairt orthu. Thosaigh eolaithe ag ardú ceisteanna faoin tionchar a bhí ag forbairt na tionsclaíochta ar chúrsaí aimsire. Bhí siad ag fiafraí conas is féidir forbairt thionsclaíoch a dhéanamh sa saol seo gan an domhan féin a chur i mbaol.
Sa bhliain 1987, d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe tuairimí agus argóintí a lán eolaithe faoin athrú aeráide i dtuarascáil dar teidealÁr dTodhchaí Chomónta. Sa tuarascáil seo, scríobh na heolaithe faoin gcaoi a raibh an t-atmaisféar ag éirí níos teo, faoin gcaoi a raibh gáis nimhiúla ag sní isteach san atmaisféar agus faoin gcaoi a raibh na patrúin aimsire ag athrú ar fud an domhain.[2]
Ó thús na 1990idí, tá toscairí idirnáisiúnta ag bailiú le chéile go rialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an athrú aeráide. Pléann siad ceisteanna casta mar sceitheadh gás nimhiúil, caighdeán an aeir agus an uisce, cosaint na bhforaoisí, agus modhanna glasa táirgthe. Rinneadh dul chun cinn thar na blianta, go háirithe ag an gcruinniú mullaigh in Rio de Janeiro sa bhliain 1992.[5]
Ansin, sa bhliain 1997, aontaíodhPrótacal Kyoto. Is é atá sa phrótacal seo ná plean gníomhaíochta idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide ar fud an domhain. Chuir Prótacal Kyoto ceangal ar gach tír iarracht a dhéanamh timpeallacht ísealcharbóin a chruthú i ngach réimse dá sochaí.