Is éard atá i gceist leforainm ná focal a úsáidtear in ionad ainmfhocail (ainm duine de ghnáth) in abairt e.g. sé, sí, siad. Uaireanta úsáideann daoine na forainmneacha siad/iad agus iad féin á gcur in aithne do dhaoine eile ionas go mbraithfidh daoine trasinscneacha agus neamh-dhénártha páirteach sa chomhrá, m.sh. ‘Ciara is ainm dom. Úsáidim na forainmneacha sí/í’.[1]
Dar le foireann foclóireachtaFhoras na Gaeilge, tá an nós forainmneacha iolra a úsáid in abairtí nach bhfuil soiléir an fear nó bean atá i gceist ag teacht i gcúrsaíocht saGhaeilge. Dá réir sin, agus ós rud é go bhfuil sé sin níos slachtmhaire ná coinbhinsiúin eile úsáidtear sna cásanna seo m.sh. leaganacha baineann agus fireann araon a liostáil, is é sin an nós a tharraing lucht anFhoclóra Nua Gaeilge chucu féin.[2]
Issíol faoiteangeolaíocht é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.