Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Fisic adamhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar struchtúr is airíonna adamh, agus a n-idirghníomhuithe leradaíocht leictreamaighnéadach is adaimh eile. I1911 rinneErnest Rutherfordturgnamh inar theilg sé alfa-cháithníní trí órdhuille, ag brath scaipeadh na gcáithníní.

Bhain sé ó na scaipléaráidí go raibhnúicléas crua lárnach, timpeall 10-14 m ar trastomhas, i ngach adamh, a bhí timpeall 10-10 m ar trastomhas.

Thairg sé gurb é a bhí san adamh ná núicléas lárnach, luchtaithe go dearfach, agusleictreoin dhiúltacha ag fithisiú an núicléis, rud éigin cosúil leis na pláinéid ag fithisiúna Gréine. Ach de réir dlíthe na meicnice clasaicí, bheadh a leithéid d'adamh neamhchobhsaí mar go gcaillfeadh séfuinneamh trí astú radaíochta leictreamaighnéadaí.

Chomh maith leis sin, ní léireodh an t-adamh sin naspeictrim adamhacha inbhraiteacha. Réitíodh na fadhbanna seo le samhail fheabhsaithe an adaimh a shaothraighNiels Bohr i1913, ina raibh gach leictreon i bhfithis ar leith (sceall ar leith) timpeall an núicléis, le fuinneamh ar leith a bhraithfeadh ar gha na fithise.

Ós rud é nár ceadaíodh ach fithisí (scealla) ar leith, níorbh fhéidir ach fuinnimh ar leith a bheith ag na leictreoin, ionas go mbeadh patrún de leibhéil scoite cheadaithe fuinnimh i gceist.

Ní astódh leictreoin i bhfithis cheadaithe fuinneamh leictreamaighnéadach, ach chomhfhreagródh léim leictreoin ó fhithis amháin go fithis eile d'astú nó ionsú cainníochtaí dea-shainithesolais, rud a réitigh leis na speictrim bhraite adamhacha. Samhail áisiúil amhairc ab ea samhail Bohr, agus de réir a chéile feabhsaíodh í le léargais ónmeicnic chandamach.

Tá airíonna tonnacha ag leictreoin, agus is féidir fithisí nó scealla Bohr a thuiscint mar oiriúnúslánuimhir tonnta leictreon timpeall ar an núicléas. Is fearr cruinne gach leictreon a shamhlú mar dháileadh luchta leictrigh lehuimhir chandamach ar leith ná mar phonc luchta i bhfithis chiorclach. Comhfhreagraíonn gach uimhir chandamach is féidir do leibhéal ar leith fuinnimh, ach ní féidir iad uile a shealbhú ag an am céanna.

Thug samhail Bohr míniú ginearálta ar speictrim adamhacha, ach ligeann teoiric na gcandam dúinn ríomhanna mionchruinne a dhéanamh ar na speictrim. Cinneann nahuimhreacha candamacha is gá chun na leictreoin in adaimh neamhfhlosctha dúl a shainiú ionaid chruinne na ndúl sin ar an gclár peiriadach.

Cinneann anstruchtúr leictreonach an cineál naisc cheimicigh a dhéanfaidh an t-adamh sin le hadaimh eile. Is féidir airíonna an adamh hidrigine a ríomh le hardchruinneas, ach i gcás adamh níos casta ná sin, bíonn fadhbanna móra i réamhinsint a n-airíonna.

Baintear feidhm asspeictreascópacht is imbhuailtí idir adaimh chun réamhinsintíleibhéil fuinnimh is airíonna eile a thástáil. Is féidir adaimh choimhthíocha, cosúil le hiain dhiúltachacailciam, a tháirgeadh is a anailísiú.

I measc feidhmeanna díreacha teicneolaíocha na fisice adamhaí, táléasair agus cloig adamhacha.[1]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Fisic adamhach".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 271.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Fisic_adamhach&oldid=1149966"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp