Náisiúnaí a bhí ann ina óige, agus cháin Castro tionchargnó aguspolaitiúil naStáit Aontaithe i gCúba nuair a bhí sé ina mhac léinn. Bhailigh sé buíon ceannairceach timpeall air féin agus rinne sé ionsaí ar bheairic Moncada (in aice le Santiago) i1953.
Theith Castro thar lear ar feadh tamaill. Tháinig sé ar ais i mí na Nollag1956 chun tús a chur letreallchogaíocht, a mhair go dtí gur ghlac Castro seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959.
Duine conspóideach a bhí ann: tá an-mheas air go minic sa tríú domhan, fós inniu. I luathbhlianta a réimeas, rinne ranna de chuidrialtas na Stát Aontaithe roinnt iarrachtaí é a mharú nó a chur as oifig.
Feirmeoir saibhir ba ea athair Fidel, Ángel Castro Argiz, arbh ónGhailís naSpáinne dó ó dhúchas. Fuair sé a chuidoideachais ó na hÍosánaigh agus ó Bhráithre de la Salle iSantiago de Cúba agus in Colegio de Belén inHavana. Rinne sé staidéar ar andlí inollscoil Havana sa bhliain 1945. Thosaigh a chuid gníomhaíochta polaitiúil agus é ina mhac léinn.
Thosaigh Castro a chur spéis sa pholaitíocht in ollscoil Havana ó thús. Bhí mic léinn a linne an-chorraithe agus ba mhinic a bhíodh círéibeacha ina measc. Ghlac Castro páirt sa troid agus chuir a naimhde ina leith gur mharaigh sé cúpla duine, ach níl aon fhianaise sásúil ann go raibh sé i ndáiríre ciontach. Chuaigh Castro isteach sa Partido Ortodoxo i1947, páirtí a chuir in éadan chaimiléireacht an rialtais agus a d'éiligh leasaithe ar an dlí. Rinne ceannaire an pháirtí,Eduardo Chibas, iarracht ar an uachtaránacht, ach scaoil sé é féin agus é páirteach i gcraoladh raidió. Bhí Castro i láthair agus thug sé Chibas chun an ospidéil mar a bhfuair sé bás.
I samhradh 1947 rinne Castro agus a chomhghleacaithe iarracht rialtas naPoblachta Doiminiceánaigh a chur as oifig ach theip orthu. D'éalaigh Castro agus a chairde i raftaí ó na póilíní, ach cé gur theip ar an eachtra bhí cáil ar Castro dá bharr.
An bhliain dár gcionn,1948, bhí Castro saCholóim agus dar le Roinn Stáit Mheiriceá bhí baint aige le cúpla feallmharú sa tír sin. Nuair rinne póilíní na tíre sin iarracht é a ghabháil theith sé go ambasáid a thíre agus tugadh abhaile é.
Phós sé Mírta Diaz Blart, mac léinn de bhunadh saibhir, agus cháiligh sé mar dhlíodóir i1950. Thosaigh sé ar a chleachtas i Havana, agus d'fhógair sé a thuairimí náisiúnacha go fíochmhar. Rinne sé iarracht suíochán parlaiminte a fháil, ach tháinig an Ginearál Fulgencio Batista i gceannas na tíre tar éiscoup d'état agus rialaigh sé antír le cabhair Mheiriceá.
Thug Castro dúshlán an rialtais sna cúirteanna ach níor éirigh leis, agus bheartaigh sé ansin nach raibh de rogha aige achéirí amach a eagrú. Bhailigh Castro timpeall céad go leith dá chairde le chéile agus rinne ionsaí ar bheairic Moncada ar an26 Iúil1953. Theip ar an ionsaí agus maraíodh níos mó ná seasca den lucht ionsaithe.
Chúlaigh Castro agus iarsmaí a bhuíne go sléibhte garbha an Sierra Maestra, ach gabhadh ansin iad. Cuireadh Castro faoi thriail agus daoradh go cúig bliana déag sa phríosún é. Scar a bhean leis nuair a bhí sé ina chime. Ach bhí an t-ádh air nár chaith sé ach dhá bhliain sa phríosún. Ligeadh saor é i mí Bealtaine1955 agus chuaigh sé ar imirce goMeicsiceo.
Tháinig Castro agus roinnt dá chairde le chéile agus bhunaigh siad Gluaiseacht ar an29ú Iúil agus é d'aidhm acu Batista a ruaigeadh as oifig. Treallchogaíocht a bhí ar intinn acu. Ba mhór an chabhair don ghluaiseacht an tAirgintíneach ógChé Guevara a raibh an-mhachnamh déanta aige ar pholaitíocht agus ar chogaíocht.
Rinne na réabhlóidithe iarracht cabhair a fháil ónAontacht Sóivéadach ach níor tugadh aird orthu agus bheartaigh siad ar airm agus trealamh a lorg i measc na gCúbach iStáit Aontaithe Mheiriceá.
D'éirigh Fidel as a phost mardheachtóir - nó uachtarán - sa bhliain 2008.[2] D'éag sé 25 Samhain 2016, in aois 90 dó. Cuimhneofar ar an deachtóir Fidel Castro, a dúirtMichael D. Higgins, “mar fhathach i measc cheannairí an domhain, a raibh mar dhearcadh aige saoirse dá mhuintir go léir”:[3] Dúirt daoine in Éirinn ag an am go raibh Higgins ag déanamh dia beag den deachtóireacht.[4] Bhí easpa cumais sa rialtas faoi Chastro agus an tír ag titim as a chéile.[5]