Ba chóras sóisialta ceannasach saMheánaois inIarthar na hEorpa, agus saNua-Aois Luath inOirthear na hEorpa, é anfeodachas.Bhídílárú na cumhachta polaitiúla bunaithe ar an idirleathadh cumhachta ón mbarr (áit ina raibh an impire nó naríthe go teoiriciúil) go dtí an bonn, ina raibh cumhacht áitiúil á feidhmiú go héifeachtach le féinriail nó neamhspleáchas ag na huasalaicmí, darbh ainm 'na huaisle', le teidil a fuarthas ó ghobharnóiríImpireacht na gCairlínseach (diúic,marcais,cuntaí) nó a raibh bunús eile acu (barúin,ridirí, srl.).
Mar fhoirmiú sóisialta-eacnamaíoch, thosaigh an fheodachas sa chianaois leis an aistriú ó sclábhaíocht go modh táirgthe feodach, Ag toiseacht legéarchéim an tríú haois agus, thar aon rud eile, le díscaoileadhImpireacht Rómhánach an Iarthair (5ú haois) agus bunú na ríochtaí Gearmánacha agus Impireacht na gCairlínseach (an 8ú agus an 9ú haois).
Bunaithe ar thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla (andlí Rómhánach agusan dlí Gearmánach araon - caidreamh cliente, lucht coimhdeachta agus vasáilleacht), d'fhreagair an feodachas neamhshláine agus éagobhsaíocht ré na n-ionsaithe a tharla ar feadh na gcéadta bliain (Gearmánaigh,Slavaigh,Maigiaraigh,Moslamaigh,Lochlannaigh). Mar gheall ar neamhábaltacht na n-institiúidí stáit, i bhfad ó bhaile, tháinig an t-aon slándáil ó údaráis áitiúla, a chuir uaisle nó an chléir, a rialaigh caisleáin nó mainistreacha daingne i suíomhanna tuaithe, a tiontaíodh ina n-ionaid chumhachta nua i bhfianaise meath na gcathracha.