Céimídlí de chuidOllscoilSevilla is ea González. Thosaigh sé ag cleachtadh an dlífostaíochta sa bhliain 1966.[1] Ag an am céanna, bhí sé ag teagasc an ábhair san Ollscoil. Trína chuid oibre mar dhlíodóir fostaíochta, neartaigh an baint a bhí aige le gluaiseacht ancheardchumannachais agus leis an bPáirtíSóisialach, a bhí araon faoi choim, gaol a thosaigh nuair a bhí sé ina mhac léinn.
Faoi theacht an daonlathais i lár na1970idí, bhí González tagtha chun cinn mar an ceannaire is tábhachtaí ar an eite chlé i bpolaitíocht na Spáinne, tar éis éirí leis i dtroid chun anPSOE (Partido Socialista Obrero Español, PáirtíSóisialach anLucht Oibre Spáinneach) a chur ar bhealach ní ba mheasartha agus ní ba phragmataí.
Bhí González ina Phríomh-Aire ó 1982 go 1996.Bhí i gceannas ar an PSOE nuair a bhuaigh sé ceithre olltoghchán.
Le linn dó a bheith i gcumhacht, rinneadh leasuithe sóisialta móra, mar anginmhilleadh a dhéanamh dleathach go pointe áirithe, agus chuaigh an Spáinn isteach snaComhphobail Eorpacha (sa bhliain 1986).
Chuir González ina luí ar an PSOE teacht ar mhalairt cinnidh maidir le bhallraíocht na Spáinne inECAT agus bhí an lá leis i reifreann faoin gceist sin sa bhliain 1989.
I rith na ndeich bliana deireanacha a raibh sé ina Phríomh-Aire, tháinig sé chun cinn mar dhuine de na daoine ba mhó le rá i gcúrsaí polaitíochta sa Chomhphobal Eorpach, go mór mór sa tréimhse idirtitim bhalla Bheirlín agus daingniúChonradh Maastricht.
2014
Laistigh den Spáinn is mó an chonspóid a tharraing a oidhreacht pholaitiúil, den chuid is mó mar gheall ar líon mór scannail ag baint lenarialtas (ag deireadh na tréimhse a bhí sé i gcumhacht go háirithe) agus mar gheall ar na teaicticí (scuaid mharaithe san áireamh) a bhí á n-úsáid i gcoinne fheachtassceimhlitheoireachtaETA.
Níltear ar aon tuairim, beag ná mór, agus measúnuithe á ndéanamh ar a raibh bainte amach aige ó thaobh an gheilleagair de ach an oiread, ó rud é go raibh borradh suntasach faoin ngeilleagar sna 1980idí/1990idí, in éineacht le bearta nualiobrálacha (nár ghlac a lán daoine ar aneite chlé leo riamh).