Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Feileonacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma dlí éfeileonacht a thagraíonn do choireanna tromchúiseacha. Ní téarma oifigiúil i ndlí nahÉireann é a thuilleadh. Is é an téarma a úsáidtear inniu nátromchion (mar a deirtear san Acht um Bhannaí ón mbliain 1997) aguscion inghabhála (mar a deirtear san Acht um Dhlí Choiriúil ón mbliain 1997). De réir na n-achtanna seo, is ionann mar rud é an tromchion agus an cion inghabhála - is é sin, cion a ngearrtar príosúnacht cúig bliana nó níos faide don duine a rinne é. Sa ghnáthchaint, is féidir an dá choincheap sin a chur in iúl leis an seantéarma sin "feileonacht", cé nach n-úsáidtear i leabhar na reacht é.

Má chuirtear andlí ar an duine toisc go bhfuil sé faoi amhras feileonachta (tromchiona), nó má chreidtear go bhféadfadh sé tuilleadh feileonachtaí (tromchionta) a dhéanamh dá dtabharfaí cead a chos dó, is féidir leis an gcúirt bannaí a dhiúltú, de réir an Achta um Bhannaí.

Má chreidtear ar chúiseanna réasúnacha go bhfuil feileonacht (cion inghabhála) déanta ag an duine, féadfaidh naGardaí é a ghabháil gan bharántas gabhála agus a choinneáil faoi ghabháil i stáisiún na nGardaí ar feadh dhá uair déag, le go gcuirfear ceastóireacht air.

An cion nach bhfuil chomh tromchúiseach leis an bhfeileonacht, tugtaroilghníomh (neamh-thromchion, cion neamh-inghabhála) air.

Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Feileonacht&oldid=889964"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp