Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Féilire Ghréagóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéilire Ghréagóra
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálarithmetic calendar(en)Aistrigh
féilire na gréine
interval scale(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPápa Gréagóir XIIICuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht15 Deireadh Fómhair 1582 - 
Eile
Month of the Gregorian calendar(en)Aistrigh
Day of the Gregorian Calendar(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Codanna
AnPápa Gréagóir XIII

Féilire nagréine is ea anféilire Ghréagóra, a chuir anPápa Gréagóir XIII ar bun sa bhliain1582. Tá sé in úsáid ar fud an domhain, nach mór.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bhí an bhliain 11nóiméad níos faide ná anbhliain thrópaiceach de réir seanfhéilire Iúil. Faoin15ú céad bhí21 Márta,cónocht an fhéilire, ag titim 10 níos déanaí ná fíorchónocht anearraigh. Ba ghá 10 lá a bhaint den bhliain, agus léimeadh ó4 Meán Fómhair go dtí15 Meán Fómhair chun féilire nua Ghréagóra a thabhairt isteach agus an féilire is na séasúir a chur i gcomhfhreagairt dá chéile.

D’úsáid daoine an féilire seo den chéad uair i 1582 ach ní raibh gach tír (Sasana san áireamh) sásta é a úsáid. Ach chuir na difríochtaí mearbhall ar dhaoine. Faoi dheireadh, shocraigh formhór na dtíortha an féilire Ghréagóra a úsáid.[1]

Cinneadh go ndéanfaí leasú eile ar an bhféilire chun nach n-éireodh an earráid chéanna arís: nachbliain bhisigh a bheadh i mbliain an chéid múna mbeadh sí inroinnte ar 400.

Mar sin, ba bhlianta bisigh 1600 is 2000, ach níor bhlianta bisigh 1700, 1800 ná 1900, agus ní bliain bhisigh a bheidh i 2100. Nuair a ríomhtar meánfhad na bliana thar 400 bliain, is é 365.2425 lá a fhaightear, luach atá an-ghar don fhíorluach, 365.2422 lá.

In Éirinn

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Christopher Clavius (1538–1612)

Ós rud é gurb é an Pápa a thug an féilire nua isteach, ghlac na tíortha Caitliceacha go fonnmhar leis, ach níor ghlacan Bhreatain ná na coilíneachtaí Meiriceánacha leis go dtí1752, agus bhí gá le leasú 11 lá nuair a rinne siadsan an t-athrú. Sa bhliain 1752, léimeadh ó2 Meán Fómhair go dtí13 Meán Fómhair chun féilire nua Ghréagóra a thabhairt isteach in Éirinn.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. COGG (29 Feabhra 2012). "Eureka". Dáta rochtana: 29 Feabhra 2020.[nasc briste go buan]
  2. Hussey, Matt (2011). "Féilire Ghréagóra".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 330.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Féilire_Ghréagóra&oldid=1226093"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp