Is éard isEscherichia coli ann (nóE.coli) ná speiceas baictéar slatchruthach a thaightear i gconair an díleá in ainmhithe, daoine ina measc, agus atá coiteann san ithir is gnáthóga uisciúla.[1]
Tá an géineas ainmnithe asTheodor Escherich, a chéad d'aimsighE.coli.
Ní dhéanann an chuid is mó de na tréithchineálachaE.coli aon dochar do dhaoine, ach tá roinnt fíor-phataigineach, agus is féidir leo tús a chur le dinnireacht bhaictéarach srl.
Is iadE.coli agus eintreacocas na stéige an dá chineál baictéar is coitianta. Orgánaigh bhídeacha is ea iad sin a mhaireann i bputóga ainmhithe teofhuilteacha – daoine, ba, madraí agus éanlaith san áireamh. Faightear iad go flúirseach sanfhaecas, is é sin,cac.[2] IonfhabhtaíonnE.coli an chonair úiríneach uaireanta.[1]
Léiríodh i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sa bhliain 2023 go raibhE.coli i 14 grúpscéim phríobháideach in Éirinn.[3] Dúradh sa tuarascáil nach raibh caighdeán an uisce ó fhoinsí príobháideacha chomh maith leis an gcaighdeán uisce poiblí.[4] Tugtar le fios i dtuairisc de chuid na GCC in 2024 gur theip ar 21 scéim uisce phríobháideach ar an iomlán. Bhí tionchar aige sin ar thart ar 4,600 duine.[5]