Sagart,diagaire,fealsamh agusdaonnachaí Críostaí ba eaDesideriusErasmus as Rotterdam (a rugadh ar 27 nó28 Deireadh Fómhair1469 iRotterdam agus a d'éag ar12 Iúil1536 i mBasil,An Eilvéis). Ó Erasmus a tháinig an tuairim ag tús an 16ú haois go raibh an saol spioradálta faoi ionsaí. Cé gur fhan Erasmus ina Chaitliceach dílis deabhóideach bhí síol na corraíle ina chuid scríbhinní ón tús. Spreag sé smaointeoirí agus cléirigh eile chun labhairt amach go neamhbhalbh agus a míshásamh a chur in iúl. Scaip na smaointe sin go tapa i measc lucht léinn mar gheall ar nuatheicneolaíocht an chlóphreasa.[1]
Bhí muintir Erasmus i ngreim ag an mbochtaineacht. Chun éalú ó chuing na bochtaineachta, cuireadh an stócach isteach imainistir de chuid na nAgaistíneach. Rinneadh sagart de.
Chaith Erasmus tréimhse ag déanamh staidéir i bPáras ach in ainneoin gur fhoghlaim sé neart, chuir an cruatan a d'fhulaing sé ansin isteach air. Thaistil sé ó cheann ceannna hEorpa agus chaith sé seal torthúil taitneamhach iSasana mar ar bhuail sé leis na daonnachaithe mór le rá comhaimseartha sa tír sin ; bhí sé an-mhór le Thomas More agus scríobh Erasmus "In Praise of Folly"[3] in 1511 nuair a bhí sé ag fanacht leis.
Chuir sé neart oibre fiúntach i gcló, uilig scríofa iLaidin, teanga ina raibh a chumas aitheanta go forleathan. Rinne sé chuir síos agus tráchtaireacht ar a lán de na saothar clasaiceach ón seandomhan, agus anuas ar sin, cháin sé anEaglais Chaitliceach agus rinne sé chuid mhaith mholta le na fadhbanna, nárbh fhéidir a shéanna, a bhí aici a réiteach.
Bhí clú agus cáil ar Erasmus thart fán Eoraip agus neart rialaitheoirí ag lorg a chomhairle. Níorbh ionann daonnachas an tuaiscirt agus daonnachas na hIodáile, áfach. Bhí fonn láidir ar dhaonnachtaigh an tuaiscirt an Eaglais a athleasú.[1]
Thart faoin am seo is ea a thosaigh anAthleasú Creidimh leMartin Luther agus a thacaithe. Deirtear go raibh sé ar chumas Erasmus stop a chuir le seo agus na fadhbanna a réiteach taobh istigh den Eaglais Chaitliceach agus an deighilt a sheachaint. Ach de réir dealramh ní raibh Erasmus sásta idirghabháil a dhéanamh.