Is éard iseotrófú[1][2] ann ná próiseas (nó an staideotróife[3]) ina méadaítear an oiread cothaitheach i gcomhairplandaí atá i loch nó lochán.
Is amhlaidh a iompraíonn srutháin is aibhneacha níotráití,fosfáití is leasúcháin nádúrtha eile a thuaslagann siad amach ón ithir isteach i locha, mar a dtiubhaíonn siad. Mar thoradh air sin fásann algaí is plandaí uisce as cuimse, plódaíonn siad an t-uisce, agus nuair a fhaigheann siad bás ídíonn an fásra lofa anocsaigin thuaslagtha san uisce ionas go maraítear na héisc sa loch.
Leanann plódú an uisce, agus líontar an loch de réir a chéile le fásra marbh. Tagann an loch le bheith inaphortach, agus faoi dheireadh ina ithir thirim.
Tá eotrófú mire ar siúl in áiteanna áirithe de bharr imeachtaí daonna. Cuireann leasúcháin shaorga a nítear isteach in aibhneacha, camras, fuíll áirithe tionsclaíochta, agus glantaigh go mór leis an bpróiseas. De réir dealraimh, tá an-dochar den saghas seo déanta doLoch nEathach in Éirinn, doLoch Erie i Meiriceá Thuaidh,Muir na Gailíle, agusLoch Baikal sa tSibéir.[4]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.