Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Eithne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarEithne
Cineálmiotaseolaíocht na gCeilteach
carachtar i miotaseolaíocht na nGael
dia de chuid na gCeilteachCuir in eagar ar Wikidata
Dáta
InscnebaineannCuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairBalorCuir in eagar ar Wikidata
LeanaíLughCuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deFomhóraighCuir in eagar ar Wikidata
"Cian Finds Balor's Daughter", léaráid le H.R. Millar, c. 1905.

IMiotaseolaíocht na nGael, ba íEithne (Sean-GhaeilgeEthniu,Ethliu) iníonBhalor, ceannaire nabhFomhórach, agus máthairLugh.

Balor, Cian agus Lugh

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is léir sna seantéacsanna gur phósadh ríoraíoch é cumann Eithne le hathair Lugh,Cian nadTuath Dé Danann,[1] Caomhnaítear sabhéaloideas níos deireanaí, ámh, scéal níos casta, cosúil le breithPerseus imiotaseolaíocht na Gréige.

I scéal béaloidis caomhnaithe agJohn O'Donovan in 1835, insítear conas a chuir Balar Eithne faoi ghlas sa Túr Mór arOileán Thoraí, as radharc gach fear, ag iarraidh tairngreacht draoi a chosc, go mbásfash a gharmhac é. Ach tháinig fear darbh ainmMac Cinnfhaelaidh, ag lorg díoltas toisc gur ghoid Balar a bhó draíochta, isteach sa túr le cabhair ónleannán sídheBiróg, agus luigh sé léi. Rugadh trírín d'Eithne, ach bhailigh Balar i mbraillín iad agus sheol sé amach le giolla iad chun iad a bhá i bpoll súraic. Bádh beirt dóibh, ach thit ceann amháin trí thimpiste sa chuan, agus tharrtháil Biróg é. Thóg sí an leanbh ar ais chuig a athair, a thug dá dheartháir,Goibhne an gabha, inaltramas. Mharaigh an buachaill Balar agus é fásta.[2]

Agus téacsanna amhailCath Maige Tuired agusLeabhar Gabhála na hÉireann taobh le taobh, is léir gur Lugh é an bhuachaill anaithnid, agus gur Chian é an t-ionadaí Mac Cinnfhaelaidh.[3][4]

Banseanchas

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Inisítear sabhanseanchas gurbh éFeada a fíorainm: "Ba éFeada fíorainm Eithne uasal, bean chéile Chiain theann láidir, máthair sárfhir Lú neartmhar, iníon Bhalair bailcbhéimneach[5] mhicDod mhicNet móréachtach, fear níos mó ná Hector soineanta."[6]

De réir nósanna áirithe, is iníonDelbáeth í, máthairDaghdha agusOghma, agus bean chéileNuada Airgeadlámh. I leagan ar leith de bhreithAonghasa, is bean chéileElcmar í, a mheall An Daghdha í, agus sa mhéid sin b'fhéidir gurb ionadaíBoann í.[7]

Téacsanna eile

[cuir in eagar |athraigh foinse]

I bhformhór na dtéacsanna, is bean í Eithne, ach tá roinnt ann ina bhfuil fear i gceist. Sa tseantéacsBaile in Scáil (Buile an Scáil), deirtear gur mac "Eithleann macTigernmas" é Lugh, nó mac "Eithneann macSmretha macTigernmas". ShamhlaighJames Bonwick[8] Tigernmas (an rí a chuir tús le adhradhChroim Chruaigh) le Balar. MholStewart Macalister gur leagan bunúsach deEthlenn ab eaCethlenn, toisc gur samhlaíodh Lugh go minic marLug Mac Ethlenn.[9]

Sa seanscéalAltram Tighe Dá Mheadar deir naomh Pádraig faoi Eithne:

I shall leave these virtues for the story of Eithne from the fair Maigue.Success in children, success in foster-sister or brother,to those it may find sleeping with fair women.

If you tell of the fosteragebefore going in a ship or vessel,you will come safe and prosperouswithout danger from waves and billows.

If you tell of the fosterage(before going to a) judgment or a hunting,your case will be (propserous),all will be submissive before you.

To tell the story of Eithnewhen bringing home a stately wife,good the step you have decided on,it will be a success of spouse and children.

Tell the story of noble Ethnebefore going into a new banqueting house,(you will be) without bitter fight or folly,without the drawing of valiant, pointed weapons.

Tell to a king of many followersthe story of Ethne to a musical instrument,he gets no cause to repent it,provided he listen without conversation.

If you tell this story to the captives of Ireland,it will be the same as if were openedtheir locks and their bonds.[10]

Sanasaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is sampla maith éEthniu den deacracht taighde a dhéanamh ar mhiotaseolaíocht na nGael. Is iadEthliuEthniu na leaganacha is duine dá hainm, fréamh den ainm Nua-Ghaeilge Eithne. Tharla go leor leaganacha ámh de bharr athruithe teangan agus easpa litriú caighdeánaithe. Tháinig mearbhall ar leith sa cheist de bharr aineolais teanga. In ionad anainmneach, tógadh go minic foirm an tuisilghinidigh, mar shamplaEthnenn/Eithneann) nóEthlenn/Eithleann.

Leaganacha atá san áireamh: Ethnea, Eithliu, Ethlend, Ethnen, Ethlenn, Ethnenn, Ethne, Aithne, Eithnenn, Eithlenn, Eithna, Ethni, Edlend, Edlenn.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Whitley Stokes (eag. agus aistr.),"The Second Battle of Moytura",Revue Celtique 12, 1891, lch. 59
  2. John O'Donovan (eag. agus aistr.),Annala Rioghachta Éireann: Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters Vol. 1, 1856, ll. 18–21, fonótaS
  3. T. W. Rolleston,Myths and Legends of the Celtic Race, 1911, ll. 109–112
  4. Lady Gregory,Gods and Fighting Men, 1094, ll. 27–29
  5. bailc3 ar theanglann FGB
  6. http://www.maryjones.us/ctexts/banshenchus.html
  7. James MacKillop,Dictionary of Celtic Mythology, 1998, lch. 155
  8. James Bonwick,Irish Druids and Old Irish Religions, 1894
  9. R. A. Stewart Macalister (eag. agus aistr.),Lebor Gabála Érenn Vol. 4
  10. https://archive.org/stream/celticheritagean00rees#page/18/mode/2up


Luath-ionróirí
Fomhóraigh
Fir Bholg
Tuatha Dé Danann
Clann Mhíle
Eile
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Eithne&oldid=1249971"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp