Is iad na scéalta uafáis is mó a thabhaigh a chlú dó, is dócha, ach thairis sin, bhain sé triail as na scéaltableachtaireachta, agus is féidir a rá gur duine de cheannródaithe anfhicsin eolaíochta a bhí ann chomh maith. Chuaigh sé leis an scríbhneoireacht mar shlí bheatha roimh aon duine eile féin i stair na litríochta Meiriceánaí, ach dá dheasca sin, bhí saol an-deacair aige.
Rugadh a seanathair, David Poe, in aice le Cill an Seanrátha i gContae an Chabháin. Chuaigh David go Meiriceá i 1750.
Cailleadh tuismitheoirí Poe nuair a bhí sé óg. Is é an t-ainm baiste a fuair sé ná Edgar Poe.
Ba iad John agus Frances Allan a ghlac leis mar mhac altrama ina dhiaidh sin, cé nár uchtaigh siad go foirmeálta riamh é. Uathu siúd a fuair Poe an t-ainm Allan. Bhí cónaí orthu iRichmond,Virginia.
D'fhág Poe slán ag muintir Allan tar éis dó seal a chaitheamh inOllscoil Virginia agus seal eile snasaighdiúirí.
Virginia Poe, col ceathrar leis agus a bhean chéile
Is é an chéadleabhar a tháinig i gcló ó pheann Phoe náTamerlane and Other Poems sa bhliain1827, faoin ainm cleiteA Bostonian.
Ina dhiaidh sin, thosaigh Poe ag scríobh aistí léirmheastóireachta do na hirisíliteartha, agus a stíl phearsanta féin aige san obair seo. Chaithfeadh sé cuid mhaith taistil a dhéanamh idir Baltimore,Philadelphia, agusCathair Nua-Eabhrac le freastal ar riachtanais a oibre.
Sa bhliain1835, phós sé Virginia Clemm, a chol ceathrar féin, nach raibh ach trí bliana déag d'aois san am.
I Mí Eanáir 1845, d'fhoilsigh Poe an dán údThe Raven ("An Fiach Dubh"), a bhí i mbéal an phobail ar an toirt.Dán gan a leithéid eile atá ann a bhfuil a mheadaracht féin aige.
Dán, 1900
Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair a bhean chéile bás. Bhí an lánúin an-doirte dá chéile riamh, agus chuaigh an bhris seo go mór mór i bhfeidhm ar Phoe, rud atá le haithint ar a chuid scríbhneoireachta.
Thosaigh Poe ag pleanáil a irise liteartha féin.The Penn a thug sé uirthi ar dtús, agus ina dhiaidh sin,The Stylus. Ní raibh sé i ndán dó an iris a lainseáil riamh, nó fuair sé bás faoi imthoscaí doiléire i mBaltimore ar an 7 Deireadh Fómhair, agus é dhá scór bliain d'aois san am. Níltear cinnte cad é ba thrúigbháis dó, ach luadhalcólachas,calar,confadh,féinmharú agus a lán cúiseanna eile leis.