Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Earrach na nArabach

Coord.:10° 30′ N, 15° 30′ E / 10.5°N,15.5°E /10.5; 15.5
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEarrach na nArabach
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 10° 30′ N, 15° 30′ E / 10.5°N,15.5°E /10.5; 15.5
Cineálagóid
éirí amach
cogadh cathartha
réabhlóidCuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse18 Nollaig 2010 - Nollaig 2012
Dáta na bliana17 Nollaig 2010Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan domhan ArabachCuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Tíortha Arabacha :

██ Rialtas treascartha

██ Cogadh cathartha

██ Athrú suntasach sa rialtas

██ Mor-agóidí

██ Mion-agóidí

██ Gan teagmhas

Tíortha neamh-Arabacha :

██ Agóidí gaolmhara

██ Gan teagmhas

Is éard isEarrach na nArabach ann ná tonnréabhlóideach de léirsithe agus d'agóidí a bhí agus a bhíonn ar siúl sadomhan Arabach ón18 Nollaig2010 ar aghaidh.

Bhí deacrachtaí ag baint leis an aistriú chuig rialúdaonlathach sanÉigipt agus i dTúinis, iLibia agus i bPoblacht Éimin. Bhí an tuairim ann, agus b'fhéidir go bhfuil fós, nach raibh na tíortha Arabacha, ar cibé cúis, in ann ag rialachas daonlathach agus nach raibh meas acu ar riail an dlí.[1]

Ar an agóid bheag sa tsean-Seicslóváic in 1968 ("Earrach Phrág") is dócha a bhí fo-eagarthóir sinsearach éigin ag smaoineamh, tráth éigin tamall de mhíonna tar éis thús na n-agóidí is na léirsithe sa Túinéis agus san Éigipt, nuair a cheap sé nó sí an téarma “Earrach na nArabach”.[2]

Earrach na nArabachːCaireo,Túinis,San'a agus an tSiria

2010-2012

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sna blianta 2010-2012, bhíréabhlóidí saTúinéis agus sanÉigipt; cogadh cathartha saLibia;éirithe amach i mBairéin, satSiria, agus inÉimin; agóidí móra sanAilgéir, sanIaráic, sanIordáin, iMaracó, agus inÓman; agus mionagóidí i gCuáit,an Liobáin,an Mháratáin,an Araib Shádach, agusan tSúdáin.

léirsithe sa tSiria sa bhliain 2011

Roimh seo, ba ían tSúdáin amháin an t-aontír Arabach a bhí in ann fáil réidh le réimisdeachtóireachta, sa bhliain 1964 agus arís sa bhliain 1985.

Sa Libia agus san Éigipt chuidigh comhghuaillíocht na Fraince, na Breataine agus Meiriceá le deireadh ré Gadaffi agus Mubarak a thapú.[3]

agóid sa bhliain 2011 iMaracó

Siria

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bhris agóidí ar son andaonlathais amach sa tSiria ar an15 Márta2011 agus thosaigh ancogadh cathartha i ndáiríre sa tSiria i ndiaidh tamaill.

Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidíreibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit.[4] Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis. D'éirigh mar sin ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria

Sheas an t-UachtaránBashar al-Assad an fód. Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairíHezbollah ónLiobáin agus cabhair aige ónRúis agus ónIaráin.[5]

Idir 2011-2021, maraíodh 600,000, theith os cionn 6 milliún thar lear agus bhí níos mó ná 6 milliún eile fágtha gan dídean sa tSiria.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Tánaiste Eamon Gilmore, Óráid, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh (2013). "Éire, an Eoraip agus an Meánoirthear - Department of Foreign Affairs" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  2. MICHEAL O. hUANACHAIN (2012). "Fómhar Ioslam" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  3. Frank Reidy (2015). "Ag teitheadh ón uafás < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  4. An tAontas Eorpach (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (en). European Union. Dáta rochtana: 2020-12-18.
  5. Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  6. UNHCR. "Syria Refugee Crisis Explained". www.unrefugees.org. Dáta rochtana: 2021-03-16.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Earrach_na_nArabach&oldid=1221904"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp