Ceann de na scéaltaNollag is cáiliúla a scríobhadh riamh i mBéarla is eaDuan na Nollag leCharles Dickens, a foilsíodh den chéad uair i mBéarla faoin teidealA Christmas Carol ar an19 Nollaig1843.
San úrscéal gearr seo, insítear scéal EibinéasairScrúg, seanchnuastóir crua a dtaganntaibhse a shean-chomhghleacaígnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuigeOíche Nollag, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh.
Tar éis a gcuairte, déantarduine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg.
Roinnt leaganacha deA Christmas Carollámhscríbhinn Dickens, 1843
Ba ea éDuan na Nollag an chéad aistriúchán liteartha a rinneadh go Gaeilge. Bhí an athbheochan faoi lánseol agus Conradh na Gaeilge ar an bhfód le beagnach deich mbliana nuair a chuir an tAthair Pádraig,Pádraig Ua Duinnín, Gaeilge bhreá Shliabh Luachra ar shaothar Charles Dickens sa bhliain 1903, agus a chuir tús le seánra nua i litríocht na Gaeilge — an t-aistriúchán liteartha.[1]
an chéad leagan, 1843
Gheobhadh aistritheoir gairmiúil na linne seo lochtanna go leor ar chur chuige an Duinnínigh — an t-aistriú focal ar fhocal seachas ciall ar chiall, mar shampla (“bhí Meárlaí chomh marbh le tairne dorais”) nó an nós ainmneacha dílse mar ‘Scrooge’ a Ghaelú go ‘Scrúg’ (is iondúil nach mbactar ainmneacha pearsanta a aistriú sa lá atá inniu ann).[1]
Mar sin féin, chonaic an Duinníneach gur ghá go mbeadh teacht ag léitheoirí Gaeilge ar mhórshaothar idirnáisiúnta chomh maith le leabhair nua ina dteanga féin, agus ba é an chéad duine a chrom ar an obair sin.[1]
Foilsíodh leagan Gaeilge de i mí Dheireadh Fómhair 2017, bunaithe ar aistriúchán an fhoclóirí, an tAthairPádraig Ua Duinnín i 1903, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne agMaitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar.[2]