![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Iúil 1953 71 bliana d'aois Philadelphia, Pennsylvania ![]() |
Fo-Rúnaí Cosanta do Bheartas | |
2001 – 2005 ← Walter B. Slocombe –Eric S. Edelman → ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Harvard-Baitsiléir Ealaíon Lárionad Dlí Ollscoil Georgetown-dochtúireacht sa dlí-eolaíocht ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | brústocaire, dlíodóir, duine den lucht gnó![]() |
Fostóir | Ollscoil Georgetown![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach an Páirtí Daonlathach ![]() |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | dougfeith.com…![]() |
![]() |
BhíDouglas Jay Feith (a rugadh 16 Iúil 1953) ina Leas-rúnaí Cosanta do Bheartas d'uachtarán na Stát AontaitheGeorge W. Bush, ó Iúil 2001 go Lúnasa 2005. Is comhalta sinsearach é ag Institiúid Hudson, meitheal mhachnaimh choimeádach.
Tá cur síos ar Feith mar ailtire de chuidChogadh na hIaráice.[1] Roimh an gcogadh, bhí ról lárnach aige i gcur chun cinn an éilimh go raibh caidreamh oibriúcháin ag réimeas Saddam Hussein le al-Qaeda (cé nach raibh mórán fianaise inchreidte ar a leithéid de chaidreamh ag an am). Dúradh i dtuarascáil Ard-Chigire an Pheinteagáin an méid seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí Frith; " (Feith's office) developed, produced, and then disseminated alternative intelligence assessments on the Iraq and al Qaida relationship, which included some conclusions that were inconsistent with the consensus of the Intelligence Community, to senior decision-makers."[2]
Rugadh Feith do theaghlach Giúdach iPhiladelphia, Pennsylvania, duine de thriúr clainne le Rose (née Bankel) agus Dalck Feith. Bhí a athair ina bhall den Betar, ógeagraíocht athbhreithnitheach Shíónach, saPholainn, agus marthanóir ón Uileloscadh a chaill a thuismitheoirí agus a sheachtar deartháireacha sna sluachampaí géibhinn Naitsíocha . Tháinig Dalck go dtí na Stáit Aontaithe le linnan Dara Cogadh Domhanda agus d'éirigh sé ina fhear gnó, dhaonchara, agus bhronntóir donpháirtí Poblachtach .[3]
D’fhás Feith aníos i bPáirc Elkins, cuid de Cheltenham Township, bruachbhaile de chuidPhiladelphia . D’fhreastail sé ar Central High SchoolPhiladelphia, agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sé arOllscoil Harvard, áit ar bhain sé a chéim amach magna cum laude sa bhliain 1975 . Lean sé ar aghaidh go dtí Ionad Dlí Ollscoil Georgetown, ag fáil a Juris Doctor magna cum laude i 1978 . Tar éis dó céim a bhaint amach, d’oibrigh sé ar feadh trí bliana mar aturnae leis an ngnólacht dlí Fried, Frank, Harris, Shriver & Jacobson LLP .
D'oibrigh Feith ar fhoireann an tSeanadóra Henry M. Jackson i 1975 sula ndeachaigh sé ar aghaidh ag obair ar fheachtas Elmo Zumwalt i gcoinne an tseanadóir leithscaraigh Harry Byrd, Jr. Bhuaigh Byrd, neamhspleách ó 1970, ar Zumwalt, ó Pháirtí na nDaonlathach, 57–38%.[4]