An tríúpláinéad amach ón ngrian saghrianchóras is eaan Domhan, le tréimhsefithise 365.26lá[14] agus an cúigiú ceann is mó.[15] Tágealach amháin aige. Tógann sé 365.24 laethanta don domhan dul timpeall na gréine. Meastar gur cruthaíodh an domhan 4.54 bhilliún bliain ó shin.
Is é an t-aon áit amháin in iúl dúinn sachruinne a bhfuil beatha air. Is nó é a shiombail.
Cosúil leis na pláinéid eile agus naréaltaí, tá an domhan gar do bheith inasféar (trastomhas timpeall 12,800km) mar thoradh ar an aomadh imtharraingteach i dtreo a láir ar gach cuid de. Tá aonsatailít mhór nádúrtha amháin aige, anghealach.
Tá na pláinéid atá níos faide amach ón ngrian gásach den chuid is mó, ach tá an domhan soladach nó leachtach den chuid is mó, agus atmaisféar gásach timpeall air.Nítrigin agus ocsaigin is mó atá san atmaisféar.
Táuisce leachtach sna haigéin arthalamh íseal idir na hilchriocha, agus uisce soladach mar oighearchaidhpeanna ag na moil.
An t-aon phláinéad saghrianchóras a chothaíonn an bheatha: ó fhianaise na n-iontaisí snacarraigeacha, tá beatha ar domhan le 3,500 milliún bliain, beathadhaonna le timpeall 6.5 milliún bliain.
Tá ár dtuiscint ar struchtúr an domhain mar a leanas: I lár baill, tá croíleacán beag soladach an-te, faoi ardbhrú de bharr na gciseal seachtrach, é déanta asiarann measctha lenicil,sulfar agusocsaigin, le trastomhas 2.5 km.
Timpeall air sin, an croíleacán leachtach denicil agusiarann leáite, ar a dtugtar magma, atá timpeall 3,500 km ar tiús.
Timpeall air sin arís tá anmaintlín, atá soladach den chuid is mó, gar do 2,800 km ar tiús (tugtar neamhleanúnachas Gutenberg ar an teorainn idir croíleacán leachtach is maintlín). Taobh amuigh denmhaintlín, trasna teorann a dtugtarneamhleanúnachas Mohorovicic air, tá an screamh sheachtrach, suas le 10 km ar tiús faoi na farraigí, suas le 50 km faoi na hilchríocha.
Roinntear anscreamh isioma, an brat díreach os cionn anmhaintlín, timpeall 4 km ar tiús, agus sial, atá suas le 40 km ar tiús agus faoi na hilchríocha den chuid is mó. Ar deireadh, timpeall ar an domhan soladach/leachtach, tá an brat gásach, timpeall 50 km ar airde, ar a dtugtar an t-atmaisféar.
Tá an taobh istigh den mhaintlín te de bharr anfhuinnimh a fhuasclaíonn díscaoileadh leanúnachraidiseatóp fadsaolach, cosúil lepotaisiam,tóiríam isúráiniam. Ach ní struchtúr statach é seo ar chor ar bith. Mar shampla, is eol go bhfuil sruthanna comhiompair ar siúl sa chroíleacán leachtach, agus go dtéann siad seo an maintlín soladach a dhóthain in áiteanna len é a leá.
Bhí iarmhairtí ag imbhuailtíastaróideach ar chodanna de dhromchla an domhain freisin.
Táimshruthú anatmaisféir dinimiciúil,fuinnmhithe agtéamh míchothrom an phláinéid ag an ngrianradaíocht, agus suaite ag rothlú an domhain ar a ais. Léiríonn taifead na geolaíochta go raibhathruithe aeráide ar domhan go rialta thar na cianta.
Óthaighde a rinneadh ó 2000 i leith ar thomhais íogaire ar an luasghéarú de bharr domhantarraingthe ag áiteanna éagsúla ar an domhan, fuarthas amach go n-ascalaíonn luach an luasghéaraithe seo beagán le tréimhse 3-4 uair.
Samhlaítear uaidh sin go n-ascalaíonn an croíleacán soladach síos suas ar ais rothlaithe an domhain le tréimhse den mhéid seo, rud a chuireann isteach ar an bhfórsa domhantarraingthe ardhromchla an domhain.
Táthar ag súil amach anseo níos mó tomhas a dhéanamh ag áiteanna ar fud an domhain agus na turgnaimh a dhéanamh níos íogaire fós chun níos mó eolais a dhíorthú mar gheall ar an gcroíleacán soladach, a mhéid, a mhais is a chomhshuíomh.
Ríomhtar ó fhoirmiú na gcarraigeacha gur cumadh an domhan tirnpeall 4,600 milliún bliain ó shin. Suas le 20,000 milliún bliain ó shin a tharla anollphléasc is a thosaigh na bunpháirteagail ag forleathadh amach.
De réir a chéile, chruinnigh páirteagail le chéile ina bpláinéid agus inaréaltaí timpeall 4,600 milliún bliain ó shin. Ansin, timpeall 3,500 milliún bliain ó shín, tháinig algaígorma /glasa aoncheallacha chun cinn, an chéad rud beo ar domhan.