Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Dlúthdhiosca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Trealamh RíomhaireachtaDlúthdhiosca
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Lainseáilte1979Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Cuimhne700 MBCuir in eagar ar Wikidata
DVDCuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i ndlúthdhiosca (DDCD, Compact Disk) ná diosca plaisteach a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12cm / 4.7 orlach ar leithead, agus 1.2 mm (0.047 orlach) ar tiús.

Is éard atá i ndlúthdhiosca fuaime ná saghas dlúthdhiosca a úsáidtear chun píosaíceoilcaint d'ardchaighdeán a thaifeadadh, a stórálann suas le 70 nóiméad ceol, ionchódaithe go digiteach, ar thaobh amháin.[1]

Is éard atá i ndlúthdhiosca ríomhaireachta ná dlúthdhiosca a fhormáidítear d'úsáid le hinneall ríomhaireachta. Úsáidtear iad chun téacs scríofa, íomhánna agus giotaí físeáin a chur i dtaisce. Tá na dioscaí seo idéalach do shaothair mhóra, m.sh.ciclipéidí nóríomhchluichí.

An diosca

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Stóráiltear na giotáin mar shraith log is ardán ar rianta 1 6 um ar leithead. Cumhdaítear an diosca le hábhar frithchaiteach (alúmanam, de ghnáth) a scaipeann nó a fhrithchaitheann léas léasair ar ais i mbrathadóir fótaileictreach, a úsáidtear chun an ceol ionchódaithe ar an diosca a léamh is a sheinm nuair a rothlaítear an diosca ag luas tairiseach uilleach.[1]

Níl aon ídiú ag stíleas ar an diosca, ní chuireann máchailí ar an dromchla isteach ar a fheidhmiú, agus is beag nach foirfe an t-atáirgeadh fuaime is ceoil leis.[1]

Innealtóireacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Eitseáilítear poill micreascópacha ar an dlúthdhiosca le húsáid galéasair. Tá cód digiteach sna poill seo a léiríonn an fhaisnéis atá stóráilte. Ansin, cuirtear cótaalúmanaim ar an taobh eitre.

Nuair a léitear an diosca satíomántán, léann ga léasair eile an cód agus déantar comharthaí leictreacha leo don ríomhaire.

Déanann an ríomhaire atáirgeadh ar an bhfaisnéis mar íomhá, mar chód fuaime, nó i bhfoirmeacha eile le cabhair feidhmchlár.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

SheolPhilips agusSony[2] an dlúthdhiosca sa bhliain 1982. Bhí an chéad dlúthdhiosca tráchtála fáiscithe ar 17 Lúnasa 1982, imonarchaPhilips in Langenhagen (Hannover) sa Ghearmáin.[3][4] albam de chuidABBA, "The Visitors"[5], ar an lipéad ceoilPolygram (a tháinig amach sa bhliain 1981 mar cheirnín vinile).[6] Ach níor cuireadh é ar an margadh láithreadh. Ar 1 Deireadh Fómhair 1982, díoladh an t-albam '52nd Street' deBilly Joel sa tSeapáin ar an lipéadSony, an chéad dlúthdhiosca le fáil go poiblí.

Féach fosta

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. 123Hussey, Matt(2011)."Fréamh an Eolais"(Coiscéim). 
  2. comhpháirtithe gnó ba ea Sony agusPhilips ag an am
  3. "What was the very first music CD ever made in the world and in th...".www.funtrivia.com.Dáta rochtana: 2022-08-17.
  4. "Compact disc hits 25th birthday"(en-GB)(2007-08-17).Dáta rochtana: 2022-08-17.
  5. "The Visitors (ABBA album)"(as en)(2022-08-11).Wikipedia. 
  6. "ABBA "The Visitors" first release, played on the first CD-player 'Philips CD100'"(as en). 
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Dlúthdhiosca&oldid=1189646"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp