Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Dave Allen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDave Allen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en)David Tynan O'MahoneyCuir in eagar ar Wikidata
6 Iúil 1936
Teach na Giúise, ÉireCuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Márta 2005
68 bliana d'aois
Kensington, EnglandCuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Sudden unexpected nocturnal death syndrome(en)Aistrigh)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Droichid Nua
Catholic University School
Coláiste Thír An Iúir DuibheCuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Suíomh oibreSydney
LondainCuir in eagar ar Wikidata
Gairmaisteoir scannáin, scríbhneoir scripte, fuirseoir, fuirseoir ar a boinnCuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1959 –
FostóirBBCCuir in eagar ar Wikidata
SeánraObservational comedy(en)Aistrigh agusaoir
GluaiseachtAindiachas
Teaghlach
Duine muintearthaNora O'Mahony (seanmháthair)Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0020411IBDB: 29642TMDB.org: 1139254
Musicbrainz: 48dfd782-ad0c-4ca2-9562-51db65dc9592Discogs: 4733925Find a Grave: 10597801Cuir in eagar ar Wikidata

Fuirseoir asBaile Átha Cliath ab eaDavid Tynan O’Mahoney (Gaeilge:Daithí Ó Teimhneáin Ó Mathúna), (6 Iúil,193610 Márta,2005), nóDave Allen de ghnáth. Bhí cáil mhór ar Allen inÉirinn, saBhreatain agus sanAstráil, sna1960í agus na1970í go háirithe.

Fuirseoir

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bhí stíl fhánach ag Allen mar fhuirseoir - shuigh sé archathaoir, agus d'ól séuisce beatha agus chaith sétobac tríd an taispeántas ar fad. Rinne sé magadh faoin gnáthshaol, agus bhain sé sult breise as magadh a dhéanamh faoi údaráis agus institiúidí, mar shampla faoinEaglais Chaitliceach Rómhánach.

Bhí cúpla chláirteilifís féin ag Allen, bhí an ceann deireanach arITV i1993.

Bhí tionchar mór ag Allen ar a lán fuirseoirí eile in Éirinn agus sa Bhreatain. Ag deireadh gach taispeántais, thug Allen an bheannacht cháiliúil chéanna, "Oíche mhaith, agus go rachaidh bhur ndia in éineacht libh".

Saol

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Saolaíodh Allen i dTeach na Giúise i gContae Átha Cliath, mac le Cully Tynan O'Mahoney (a bhí ina eagarthóir ar annuachtán ÉireannachIrish Times), agus máthair Shasanach. D’fhág Allen anscoil agus é sé bliana déag d'aois, agus lean sé a athair isteach saniriseoireacht. Ghlac sé post mar leis anDrogheda Argus, agus bhog sé go dtí Sasana trí bliana níos déanaí.

Bhí cúpla poist eile aige, agus tar éis tamaill bhí sé ag obair i mButlins mar "Redcoat", ina óstach ar seónna éagsúla a bhí ar siúl acu.

D’athraigh sé a shloinne ó O’Mahony go Allen, nuair a d’éirigh sé tuirseach ledaoine ag fuaimniú é mícheart.

Nuair a bhíThe Beatles ag casadh cuid den a gcéad seónna, b’é Allen a bhí ina fhear óstach.

The Beatles

Bhuail sé leis anaisteoir Judith Scott sanAstráil agus phós siad sa bhliain1964. Bhris siad suas sa bhliain1983.

Chaill Allen méar amháin ar a lámh chlé, ach ní raibh aon eolas cinnte faoi cad a tharla. Tá seans gurb é timpisteghluaisteáin a bhí i gceist.

Bás

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ag deireadh a shaoil, b’éigean do Allen éirí as a bheith ag caith tobac agus agól, dhá rud a thaitin go mór leis. Bhíeimfiséime ag cur as dó. Is coitianta an riocht é i measc caiteoirí tromatoitíní. Chaith sé 80 Gauloises gach lá, a dúradh[1].

Cailleadh go tobann é, ina chodladh sa bhaile. D’fhág sé a bhean chéile Karin, a bhí agiompar clainne, ina dhiaidh. Rugadh a mhac Cullum dhá mhí tar éis a bháis.

Is fuirseoir é Ed Allen, mac le Dave Allen.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Féach fosta

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "The old ones are the good ones" FT 2 Nollaig 2005https://www.ft.com/content/753f9f2c-622d-11da-8dad-0000779e2340
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Dave_Allen&oldid=1107141"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp