
Sa bhliain 2015, bhí 9.6 milliún duine ina gcónaí san Asarbaiseáin, agus naonúr duine as gach deichniúr acu ina nAsarbaiseánaigh ó thaobh na teanga is an dúchais de.
Is iad na Rúisigh an dara dream eitneach is mó, ach inniu, tá cuid mhór acu tar éis filleadh aran Rúis, agus mar sin, níl ach 1.8 % de dhaonra na tíre ina Rúisigh inniu. Thairis sin, tá cuid mhór náisiúnachtaí beaga de chuid na Cugaise ag cur fúthu, mar Leisgínigh, Talaoisigh, Avaraigh, Sachúraigh, Búdúchaigh, Udi, agus eile. Tá Giúdaigh bhundúchasacha ina gcónaí timpeall Quba in Oirthuaisceart na hAsarbaiseáine, agus an teanga Tat á labhairt acu. Is teanga Iaránach í.
Bhí mionlach mór Airméanach san Asarbaiseáin sularphléasc an cogadh amach idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, ach d'éalaigh an mionlach seo go dtí an Airméin - cé is moite díobh siúd a raibh cónaí orthu inKarabagh féin, an limistéar atá forghafa ag fórsaí Airméanacha anois.
Moslamaigh is ea 93.4 % de dhaonra na hAsarbaiseáine, an chuid is mó acu ina Moslamaigh Shítheacha. Tá Ioslam Sunnaíoch, Eaglais Ortadocsach na Rúise, anGiúdachas agus seicteacha beaga Moslamacha agusCríostaí le fáil sa tír freisin. An chuid is mó de na hAsarbaiseánaigh, áfach, ní chloíonn siad go ródhian le hIoslam.
| Bliain | 1897 | 1908 | 1911 | 1917 | 1920 | 1923 | 1924 | 1930 | 1940 | 1941 | 1942 | 1943 | 1944 | 1945 | 1946 | 1947 | 1948 | 1949 | 1950 | 1960 | 1970 | 1980 | 1990 | 2000 | 2009 | |
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Cathracha[1] | 305.1 | - | - | 560.2 | 405.8 | 486.0 | - | 750.9 | 1212.0 | 1239.8 | 1195.5 | 1138.1 | 1105.8 | 1118.5 | 1159.9 | 1163.1 | 1110.1 | 1149.1 | 1252.3 | 1835.2 | 2564.6 | 3247.5 | 3847.3 | 4116.4 | 4818.7 | |
| Daonra tuaithe[1] | 1501.6 | - | - | 1793.5 | 1546.4 | 1377.0 | - | 1818.6 | 2062.0 | 2092.0 | 1961.6 | 1780.0 | 1670.9 | 1587.1 | 1574.6 | 1577.4 | 1589.2 | 1583.5 | 1606.6 | 1980.5 | 2552.5 | 2866.8 | 3284.6 | 3916.4 | 4078.6 | |
| Iomlán[1] | 1806.7 | 2014.3 | 2056.5 | 2353.7 | 1952.2 | 1863.0 | 2128.7 | 2569.5 | 3274.0 | 3331.8 | 3157.1 | 2918.1 | 2776.7 | 2705.6 | 2734.5 | 2740.5 | 2699.3 | 2732.6 | 2858.9 | 3815.7 | 5117.1 | 6114.3 | 7131.9 | 8032.8 | 8896.9 | |