Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Damhna dorcha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar édamhna dorcha saChruinne a chreidtear a bheith ann ach nach bhfuil sé aimsithe fós ag eolaithe. Is tríd an méid seo a leanas a thomhas a dhéantar amach an mhais a bhíonn iréaltra: luas na réaltaí ina bhfithisí thart ar lár an réaltra. Ar an tslí chéanna a fhaightear amach mais braisle réaltraí: .i. ó luas na réaltraí thart ar lár na braisle.

Trí na meastacháin sin a dhéanamh a fhaightear amach mais iomlán na Cruinne: is amhlaidh a bhíonn sí seo idir cúig huaire agus deich n-uaire chomh mór le suim mhais na réaltaí infheicthe sa Chruinne. Déantar amach dá bhrí sin go bhfuil an-chuid de mhais na Cruinne atá dofheicthe. Seans gurdúphoill agusabhacréaltaídonna atá i gcuid den damhna dorcha sin, agus meastar freisin gur féidir gurcáithníní fo-adamhacha nár aithníodh fós, an chuid eile de.

Tá a thuilleadh meán agCómhaoin Wikimediaa bhaineann le:Damhna dorcha.
Issíolréalteolaíochta é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Damhna_dorcha&oldid=814553"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp