Gearradh is baint crann i bhforaoisí. Tá an próiseas seo ar siúl ar a laghad ó chuir an duine smacht ar thine is a thosaigh ar adhmad a úsáid marbhreosla. Faoi chúpla mhíle bliain ó shin bhí mórchuid den Mheánoirthear,an Ghréig istuaisceartna hAfraice dífhoraoisithe i gcomhair talmhaíochta is breosla. Tharla dífhoraoisiúna hEorpa le linn na Meánaoise, agus is le céad bliain anuas nó mar sin a dífhoraoisíodh an-chuid deMheiriceá Thuaidh. Faoi seo níl fágtha de na foraoisí sna creasa measartha denDomhan ach a bhfuil igCeanada is an tSibéir. Tá na foraoisí sna creasa trópaiceacha — naforaoisí báistí, mar a thugtar orthu — á ndíothú go tapa i láthair na huaire freisin. Sa Bhrasaíl,Meiriceá Láir, an Afraic mheánchiorclach,an India, Burma,an Téalainn,Vítneam,na hOileáin Fhilipíneacha, agusan Indinéis, dífhoraoisítear achar atá cothrom le timpeall dhá oiread nahÉireann gach bliain. Tá an dífhoraoisiú seo ar siúl chomh tapa sin go meastar nach mbeidh puinn foraoise fágtha sna creasa trópaiceacha faoi lár an 21ú céad. De bhrí go bhfuil páirt chomh lárnach sin ag na foraoisí in ídiúdé-ocsaíd charbóin, agus mar sin i laghdú an bhaoil go dtarlóidh forthéamh don Domhan, is mór an chúis imní an dífhoraoisiú leanúnach seo. Go minic ní bhíonn an talamh faoi bhun na bhforaoisí rómhaith i gcomhair na talmhaíochta, agus mar sin is beag is fiú an dífhoraoisiú, fiú sa ghearrthéarma. Mar bharr ar an donas, nuair a bhaintear na foraoisí díothaítear an-chuid gnéitheplandaí isainmhithe, rud a laghdaíonnbithéagsúlacht ar Domhan agus a chailleann orgánaigh a fhéadfaidh a bheith ina bhfoinsí córacha leighis is ábhar fiúntach eile don duine amach anseo.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.