Is imreoirpeile éCristiano Ronaldo dos Santos Aveiro (a rugadh ar an5 Feabhra,1985 iMaidéara naPortaingéile)[1]. Is peileadóir gairmiúil é, a imríonn sna tosaithe do Al Nassr agus atá ina chaptaen ar fhoireann náisiúnta na Portaingéile. Is minic a mheastar gurb é an t-imreoir is fearr ar domhan é agus mar cheann de na himreoirí is mó riamh. Tá cúig Ballon d’Or[2] agus ceithre bhróg órga Eorpacha buaite ag Ronaldo. Tá 29 trófaithe buaite aige, lena n-áirítear sé theideal sraithe, cúig Shraith SeaimpíníUEFA, Craobh Eorpach UEFA amháin, agus Sraith Náisiún UEFA amháin. Is scórálaí cúl iontach é Ronaldo.[3]
Chuir Ronaldo tús lena ghairm sa bhliain 2001, ag imirt do Sporting CP. Shínigh sé le Manchester United i 2003, in aois 18 dó. Tar éis dó an Corn FA a bhuachan ina chéad séasúr, chuidigh sé le United trí theidealPremier League as a chéile a bhuachan, an UEFA Sraith na Seaimpíní, agus Corn Domhanda Club FIFA.
Bhuaigh sé a chéad Ballon d’Or nuair a bhí sé 23 bliain d'aois.
Sa bhliain 2009, síníodh é doReal Madrid agus íocadh € 94 milliún (£ 80 milliún). I Maidrid, bhuaigh Ronaldo 15 trófaithe, lena n-áirítear dhá theideal La Liga, dhá Copas del Rey, agus ceithre theideal Sraith Seaimpíní UEFA.
Ba é Ronaldo an chéad imreoir a bhuaigh Sraith na Seaimpíní cúig huaire.
In 2018, shínigh sé doJuventus; íocadh € 100 milliún (£ 88 milliún), an méid is airde a d’íoc clubIodálach. I dTorino, bhuaigh sé Serie A agus Supercoppa Italiana amháin.
Ainmníodh Ronaldo mar an t-imreoir Portaingéalach is fearr riamh sa bhliain 2015. D'imir sé a chéad chluiche don Phortaingéil i 2003 agus 18 bliain d’aois slánaithe aige. Tá os cionn 160 caipín tuillte aige ó shin
Scóráil sé a chéad sprioc idirnáisiúnta ag Euro 2004. Chuidigh sé leis an bPortaingéil cluiche ceannais an chomórtais a bhaint amach. D'éirigh sé ina chaptaen i mí Iúil 2008. Bhuaigh an Phortaingéil Euro 2016.[4]
D'ainmnigh ESPN mar an lúthchleasaí is cáiliúla ar domhan i 2016, 2017, 2018 agus 2019.
Ba é Ronaldo an chéad imreoir Portaingéalach riamh de chuidManchester United.] Ba é an déagóir is costasaí i stair peileShasana ag an am (£ 12.24 milliún). Cé gur iarr sé uimhir 28, a uimhir le Sporting, fuair sé an léine uimhir 7.[6][7]
Thosaigh Ronaldo sa Premier League ar an 16 Lúnasa 2003 (4–0 vsBolton Wanderers) . Scóráil Ronaldo a chéad cúl do Manchester United, le cic saor i bPortsmouth ar 1 Samhain.
Chuaigh Ronaldo go dtíReal Madrid i 2009 (méid ab airde íoctha riamh - £ 80 milliún nó € 94 milliún)[8]. Fuair Ronaldo an léine uimhir 9, a thug iarimreoir Maidrid Alfredo Di Stéfano dó.
Thosaigh Ronaldo ag imirt den chéad uair i La Liga an 29 Lúnasa 2009, i gcoinneDeportivo La Coruña.
An 10 Iúil 2018, shínigh Ronaldo conradh ceithre bliana leis an gclub IodálachJuventus[9]. Ba é an t-aistriú an méid ab airde riamh d’imreoir os cionn 30 bliain d’aois (€ 100 milliún), agus an méid ab airde a d’íoc club Iodálach riamh.
An 16 Meán Fómhair, scóráil Ronaldo a chéad chúl do Juventus (2-1 vs Sassuolo).[10]
Manchester United
Ar an 27 Lúnasa 2021, d’fhógair Manchester United go raibh comhaontú bainte amach acu le Juventus chun Ronaldo a athshíniú ar £12.85 milliún.
Sa bhliain 2022, tar éis míshástacht mhéadaithe le treo Manchester United, an 22 Samhain, cuireadh deireadh le conradh Ronaldo.
Al Nassr
Ar 30ú Nollaig 2022 d'aistrigh Ronaldo go Al Nassr.
Faigheann Ronaldo tacaíocht láidir i bhfoirm urraíochta, lena n-áirítear éadaí spóirt, buataisí peile (ó mhí na Samhna 2012 i leith, tá branda CR7 pearsantaithe leNike),[11] deochanna, éadach, gluaisteáin, seirbhísí airgeadais, leictreonaic, agus cluichí ríomhaire. Bhí baint mhór aige le cur chun cinn an chluicheFIFA 18 de chuid EA Sports.
Foilsíodh adhírbheathaisnéis, dar teideal Moments, i mí na Nollag 2007. Scaoileadh Cristiano Ronaldo: The World at His Feet, clár faisnéise, trí Vimeo i mí an Mheithimh 2014.
Tá ceathrar clainne ar Ronaldo. Rugadh Cristiano Jr., ar 17 Meitheamh 2010 sna Stáit Aontaithe[12]. I mí Eanáir 2015, d’fhógair Ronaldo gur bhris sé suas le Irina Shayk.[13]
Rugadh cúpla, Eva agus Mateo ar 8 Meitheamh 2017 sna Stáit Aontaithe. Máthair ionaid a shaolaigh na linbh.
Bhí sé i gcaidreamh ag an sin leis an mainicínSpáinneach Georgina Rodríguez, a thug breith dá iníon Alana Martina, ar an 12 Samhain 2017.
Fuair athair Ronaldo, José, bás, in aois 52 dó, i Meán Fómhair 2005 nuair a bhí Ronaldo fiche bliain d'aois.
Bhuailailse chíche a mháthair, Dolores, i 2007 ach tháinig sí slán as.[14]