Is é is ciall lereiligiún nócreideamh ná an córas tuisceana agus creidiúint a bhíonn ag duine nó ag pobal maidir le bunús an domhain, an saol i ndiaidh an bháis, agus tionchair diaga nó iar-dhaonna ar chúrsaí an tsaoil.
Deirtear gurbh iad na sean-Eabhraigh ar dtús a thug aitheantas don aon-diagacht, cé go raibh córas leDia mhaith amháin ar bun i bhfad roimhe, m.sh., ag muintir naPeirse, .i. anSóróaistreachas. Nuair a thug Dia na nEabhrach (Iáivé) an dlí doMhaois, .i.na Deich nAithne, leag sé síos nach raibh ann ach an aon Dia amháin, agus nár chóir ómós a thabhairt do Dhia ar bith eile. As creidimh na nEabhrach, ar a dtugtar anGiúdachas, a spreag an Chríostaíocht in aimsirChríost, agus an Muslamachas nóIoslamachas in aimsirMhahamad.
Sa seansaol, bhí a ndéithe féin ag gach cultúr nó tír, fiú ag na hEabhraigh. Ach le teacht na gcreideamh nua, ba mhinic a thugtaípágántacht nó ainmneacha drochmheasúla ar an gcóras creidimh agus diagachta traidisiúnta i gcultúr. Leanann an córas diagachta go minic i bhfoirmmiotaseolaíocht, agus go minic nuair a thagann, mar shampla, an Chríostaíocht go cultúr nua, bíonn creideamh sa dá chóras ar feadh i bhfad, agus déanann an seanchreideamh múnlú ar an gcreideamh, mar shampla i scéalta na naomh, agus i gceiliúradh féilte. Sampla de seo anvúdú iHáítí saChairib agusCandomblé saBhrasaíl, áit a bhfuil formhór na ndaoine ina gCríostaithe, ach a bhfuil creideamh agus cleachtadh fós ar nósanna agus déithe nahAfraice.
Bhí a gcóras diagachta féin ag nasean-Ghréagaigh, córas roinnte gaolta leis ag nasean-Rómhánaigh, agus ar ndóigh a gcóras féin ag na sean-Ghaeil.