Creideann Críostaithe gurb é Íosa an Slánaitheoir. Mar thoradh air sin, tugann siad an t-ainmAn Críost air. Teagasc an Chríostaíocht go raibh Íosa ina Mhac Dé le linn a bheatha dhaonna, de shliocht Dháibhí, agus ina Mhac Dé le cumhacht ag a aiséirí, agus le spiorad na naofachta.
Thosaigh an Chríostaíocht sachéad aois mar sheictGhiúdach. Roinneann sí a lán téacsanna reiligiúnacha leis anGhiúdachas, go háirithe anSean Tiomna. Cosúil leis anGhiúdachas agusIoslam, aicmítear an Chríostaíocht mar reiligiún Abrahámach ós rud é go bhfuil na trí chreideamh bunaithe ar an traidisiún faoiAbrahám.
Bhí an t-ainm "Críostaí" (Gréigis: Χριστιανός) curtha ar na deisceabail don chéad uair inAntiógh, de réir Aicteanna 11:26. Deirtear gurb é Iogna ón Antiógh a bhain úsáid as an téarma "Críostaíocht" (Gréigis Χριστιανισμός) i dtús.
daoine a d'iompaigh ar an gCríostaíocht ba ea iad go léir
Leis an meath agus titim denImpireacht na Róimhe saniarthar, d'éirigh an phápacht sáite sa pholaitíocht, ag tosú leis an taidhleoireacht a rinne an Pápa Leo leis naHunaigh agus na Vandail.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.