Comórtassacair idirnáisiúnta is eaCorn Sacair an Domhain (nóCorn FIFA an Domhain). EagraíonnFIFA an comórtas gach ceithre bliana agus bíonn seans ag gach foireann sacair idirnáisiúnta a bheith páirteach. Bhuaighan Fhrainc Corn an Domhain sa bhliain2018, agus beidh an chéad cheann eile ar siúl i gCatar sa bhliain2022.
Tosaíonn an corn leis an gcomórtas cáiliúcháin, ina imríonn na foirne i gcoinne a chéile agus téann na buaiteoirí isteach sna cluichí ceannais. Ní bhíonn ach dhá fhoireann is tríocha sna cluichí ceannais, agus mar sin is luachmhar an duais é. Téann an fhoireann óstach agus na curaidh go díreach isteach sna cluichí ceannais. Cuirtear na foirne eile isteach i ngrúpaí beaga, agus leanann an dá fhoireann is fearr ar aghaidh. Ansin, is iomaíocht díbeartha í go dtí an cluiche ceannais.
As an aon comórtas is fiche a imríodh go dtí seo, tá an corn buaite ag ocht náisiún. Tá cúig bhua agan Bhrasaíl, níos mó ná aon fhoireann eile, agus is iad an fhoireann amháin chun páirt a ghlacadh i ngach comórtas. Tá ceithre chorn buaite agan Iodáil agusan Ghearmáin. Tá dhá bhua agUragua,an Airgintín agusan Fhrainc, agus tá ceann amháin agSasana agusan Spáinn. Is iadan Fhrainc curaidh an domhain faoi láthair.
↑Ní raibh aon chluiche don 3ú háit go hoifigiúil sa bhliain 1930. Chaill S.A.M agus an Iúgslaiv sna cluichí leathcheannais, ach tá S.A.M aitheanta ag FIFA sa 3ú háit, mar gur éirigh siad ní ba fhearr sa chomórtas ina iomlán.
↑2.02.1Ní raibh aon chluiche ceannais imeartha sa bhliain 1950. Rinneadh grúpa de cheithre fhoireann (Uragua, an Bhrasaíl, an tSualainn agus an Spáinn) agus bronnadh an corn ar an bhfoireann leis na pointí ba mhó. B'é an bua ag Uragua i gcoinne na Brasaíle an ceann cinniúnach, agus is é sin fáth gur feictear air mar "chluiche ceannais" an chomórtais. Mar an gcéanna, feictear ar bhua na Sualainne in aghaidh na Spáinne mar an cluiche don 3ú háit.
Issíol a bhaineann lespórt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.