Isfíleam ainmhithe iad naChordata (Gréigis: χορδωτά, khordota “le téad”) lenótacorda,néarthéad droma folamh,scoilteanna faraingeacha,endostíl, aguseireaball iar-anasach ar feadh cuid dá saolré ar a laghad. Ar bhonn tacsanomaíoch, áirítear san fhíleam an fo-fhíleamVertebrata, lena n-áirítearmamaigh,éisc,amfaibiaigh,reiptílí aguséin;Tunicata, lena n-áirítearSalpidae agusAscidiacea (Gaeilge: ascaidí); agus Cephalochordata, a chuimsíonn nahamfaibhioraigh (ar a dtugtar “lansógaigh” freisin). Tá baill den fhíleam Chordatasiméadrach déthaobhach, bíonncéalóm aguscóras imshruthaithe acu, agus léiríonn siaddeighilt mheitiméireach.
Cuirtear Hemichordata ar aghaidh mar an ceathrú fofhíleam de chuid na gcordach, lena n-áirítear naEnteropneusta nó na péisteanna dearcáin, ach anois caitear leis de ghnáth mar fhíleam ar leith. Eisean chomh maith leis an bhfíleamEchinodermata, lena n-áirítearcrosóga mara,cuáin mhara,súmairí mhara agus a bhfine, is ea gaolta is gaire na gCordach. Tá Cordaigh phrimitíbheacha, ó chomh luath leis an TréimhseChaimbriach, ar eolas againn.
Is grúpa ilghnéitheach é Chordata, atá oiriúnithe do líon mórnideog éiceolaíochta agus a rinne, i rith stair na héabhlóide, oiriúnuithe iontach, go háirithe chuig thimpeallachta agus atmaisféir an Domhain, ach chomh maith leis sin chuig timpeallachta uiscíochta nóamfaibiaigh. Thaispeáin na cordaigh go bhfuil cumas iontach acu le haghaidhféinrialúcháin agus eagrúcháin inmheánaigh, is féidir roinnt acu, mar shampla éin agus mamaigh, teocht an choirp a ardú agus a choinneáil tairiseach. Chuir na fachtóirí seo agus eile le haimpléiseachta an ghrúpa, a lig dóibh rialú níos a chur i bhfeidhm ar a gcuid imoibrithe meitibileach agus córais chasta neirbhísigh a fhorbairt.
Tógadh an scéimire seo a leanas as an tríú eagrán den leabharVertebrate Palaeontology.[1] Ach é a bheith struchtúrtha ar bhealach a thaispeánann na gaolta éabhlóideacha (cosúil lecladagram ("cladogram" sa Bhéarla), coimeádtarranganna traidisiúnta a bhí in úsáid i dtacsanamaíochtLinnaeaus.
Nóta: Tugann na línte le fios an bealach gur dóigh a théann na gaolta éabhlóide, san áireamh tá tacsóin marbh, curtha in iúl le mhiodóg.
Ní heol dúinn faoi láthair cad é bunús na gCordach. B'iad éisc laghdaithe nó eiseamail lansógaigh na céad cordach so-aitheanta ón Tréimhse Chaimbriach.Is í an tuairimíocht is mó faoi bhunús na gCordach ná gurb í líne an oiriúnaithe is fearr dóibh ná ceann nó dhó de na catagóirí seo a leanas:
- Ainmhí cosúil le péist dríodar-chónaithe a d'eascair corp níos leata agus / nó eiteog shnámha.
- Scagbheathóir suiteach feadánach a d'eascair ina ainmhí saorshnámh via eití a úsáid.(MeastarUrochordata nóTunicata mar chordaigh, agus is scagbheathóirí iad le larbhaí cosúil le torbáin acu.)
- Larbha d'ainmhithe de short eile a bhí ag gluaisteach nó ag snámh, ach a choinnigh faoi dheireadh a chumas snámha agus é fásta suas.
B'fhéidir gur tháinig righneas an nótacorda chun cinn, ar an gcéid ásc, le haghaidh éifeachtúlachta crapadh matánach snámha a athrú (i gluaiseachtaí S-chruthach)
I bhfoclaibh eile, le haghaidh na colainne a lúbadh, caithfidh struchtúr righin dolúbtha a bheith ag meatán le tarraingt in aghaidh, agus is é an nótacorda san lúththréimhse an phríomhthréith. Ceal struchtúír righin dolúbtha, is é an toradh a bhéas ar chrapadh matánach ná ciorrú an ainmhí agus ní gluaisne iarbhír go bhféadfaí an t-ainmhí snámh.