Isdúil cheimiceach sintéiseach é ancopairniciam.[1] Is í anuimhir adamhach atá aige ná 112, agus is é an giorrúchán a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha náCn. Níl ach iseatóip éagobhsaí radaighníomhacha ag an gcopairniciam, agus meath radaighníomhach ag teacht orthu chomh tiubh is nach féidir mórán a fháil amach i dtaobh shaintréithe ceimiceacha na dúile seo. Ní dúil nádúrtha é an copairniciam, agus mar sin ní féidir meáchan adamhach a áireamh dó: ina áit sin tugtar líon na núicléón ag an iseatóp is cobhsaí, mar atá, 285. Tá an t-iseatóp sin féin thar a bheith éagobhsaí, nó is í an leathré atá aige ná 28 soicind.
Gineadh an chéad adamh copairniciam inInstitut für Schwerionenforschung nó an Institiúid um Thaighde ar na hIain Troma inDarmstadt sa Ghearmáin sa bhliain 1996. Ba iad Sigurd Hofmann agus Victor Ninov a bhí i gceannas ar an bhfoireann taighde a bhí i gceist. Sa bhliain 2009 a thug Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) orthu ainm ceart a cheapadh don dúil nua, agus is é an t-ainm a roghnaigh siad nácopairniciam le hurraim a thabhairt doNioclás Copernicus (Mikołaj Kopernik), an réalteolaí ceannródaíoch ón bPolainn.