I ndeisceartChúige Mumhan atáPort Láirge nóContae Phort Láirge.[1] Is é Port Láirge an 21ú contae is mó in Éirinn, leis an 20ú daonra is mó[2]. An contae is lú, leis an daonra is lú, i gCúige Mumhan atá ann. Is é an t-ainm Sean-LochlainniseVeðrafjǫrðr nóVedrarfjord bunús ainm Béarla an chontae,Waterford.
Ba Ghaeil iad na Déise a chuir fúthu sa cheantar. Deir na seanscéalta go raibh ar na Déíse teitheadh ón tuaisceart (nó ónmBreatain Bheag) agus gur ansin a tháinig an treibh seo chun an cheantair. Úsáidtear an téarma "Déise" fós sa lá atá inniu ann agus is barúntachtaí in iarthar an chontae iad Na Déise laistigh den Drom agus Na Déise lasmuigh den Drom. Deirtear go raibh anChríostaíocht ann sular tháinigPádraig Naofa go hÉirinn, mar gheall ar an obair a bhí déanta ag Naomh Deaglán na hAirde Móire. Is ionann seanchríoch na nDéise agus deoiseChaitliceach an lae inniu, Port Láirge agus Lios Mór. Tháinig naLochlannaigh go dtí an ceantar timpeall na bliana 800. Bhunaigh siad bailte, ina measc Port Láirge, Vedrarfjord, sa bhliain 853. Sin mar a fuair Baile na nGall agus Heilbhic a n-ainmneacha chomh maith.
Tá dhá shliabhraon suite i gContae Phort Láirge,Sléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh agusSléibhte an Chomaraigh. An áit is airde sa chontae ná Cnoc Mhaoldomhnaigh (794 méadar). Is iomaí abhainn atá ann freisin, ina measc an tríú habhainn is faide in Éirinn,an tSiúir (194 ciliméadar), agus an ceathrú habhainn is mo in Éirinn,an Abhainn Mhór (168 ciliméadar). Tá breis is 30 trá suite ar chósta bolcánach an chontae.
Is íPort Láirge an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í, agus í ar an séú ceann is mó sa tír. B'iad naLochlannaigh a bhunaigh í sa bhliain 914, agus mar sin, an chathair is sine in Éirinn atá ann.
Is éTúr Raghnaill i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nóRögnvaldur as Íoslainnis.
Sníonn an tSiúir tríd an gcathair, agus b'í an abhainn seo a chuir tús le stair fhada na cathrach i gcúrsaí na farraige. Tá cuan Phort Láirge ar cuanta tábhachtacha na tíre le corradh is míle bliain, agus bhí an longcheártaíocht an-tábhachtach mar shlí bheatha sa chathair sa19ú haois.
Sa bhliain 2006, bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin, agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobhChontae Chill Chainnigh.
TáGaeltacht na nDéise suite ar chóstaChontae Phort Láirge sé mhíle siar ó dheas ó bhaile Dhún Garbhán. Cuimsíonn sí dhá pharóiste,an Seanphobal agus paróistena Rinne. Tá giota beag de pharóiste na hAirde Móire mar chuid di freisin.[3] Is í Gaeltacht na nDéise an dara Gaeltacht oifigiúil is lú in Éirinn: clúdaíonn sí achar de 6,110 heicteár (23.59 míle cearnach). Tá traidisiún láidirGaelainne, ceoil, amhránaíochta, ealaíona agus spóirt sa cheantar.
Tá an-suim ag muintir Chontae Phort Láirge san iomáint. Bhain foireann na sinsear Craobh na hÉireann sna blianta 1948 agus 1959, agus ghnóthaigh siad Craobh na Mumhan sna blianta 1938, 1948, 1957, 1959, 1963, 2002, 2004, 2007 agus 2010.
Níl an pheil chomh fairsing leis an iomáint sa chontae. Ghlac foireann an chontae páirt i gcluiche ceannais na hÉireann sa bhliain 1898 ach buaileadh iad i gcoinne Átha Cliath.
Glacann Port Láirge Aontaithe, foireann atá lonnaithe i gcathair Phort Láirge, páirt sa chéad roinn iSraith na hÉireann. Bunaíodh an cumann mar Waterford Football Club sa bhliain 1930, agus is ansin a d'imir siad i Sraith na hÉireann den chéad uair. Athraíodh an t-ainm chuigWaterford United sa bhliain 1982.
An Dr. John Walsh: 'Ó Heilbhic go Heilsincí: Gaeltacht na nDéise i gcomhthéacs idirnáisiúnta teanga’. Cur i láthair ag "Tionól an tSamhraidh", scoil samhraidh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Chomhairle Contae Phort Láirge, An Rinn, Co. Phort Láirge, 8 Iúil 2005
Walsh, J., 2005. ’An Ghaeilge agus an fhorbairt shoch-eacnamaíoch i nGaeltacht na nDéise’. An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, Uimh. 9, 2005, 138-156.