Ba éConstaintín Mór nóConstaintín I, nóFlavius Valerius ConstantinusImpire na Róimhe idir306 AD agus337 AD. Rugadh é timpeall na bliana280 AD i Niš (Naissus,Seirbia) agus d'éag sé ar22 Bealtaine337 AD. Ba eisean an chéad impire de chuid na Róimhe a ghlac leis an gCríostaíocht agus ba é a chinn ar leas a bhaint as an fiche cúigiú lá de mhí na Nollag mar dháta seasmhach na féile.
Bhain Constaintín cáil ar leith amach de bharr gur bhain an t-armRómhánach faoina stiúir úsáid as comhartha Críostaíochta don chéad uair, ag cath Milvio[1]. Chloí sé ann a namhaid Maxentius, ar28 Deireadh Fómhair312 AD.
An bhliain dár gcionn,313 AD, tugadh cead do naCríostaithe a gcreideamh a chleachtadh sanImpireacht Rómhánach.
Chuir ConstaintínAn Chéad Comhdháil Nicea ar bhun sa bhliain325 AD, rud a raibh tionchar ollmhór aige ar fhorbairt naCríostaíochta. Mar sin, bhunaigh sé Féile naNollag, dar le Seán Ua Cearnaigh[2].
Ba é Constaintín a chuir i gcrích an Bhaisleac Nova[3] sa Róimh tar éis na bliana 313 AD.[4]
Thóg an tImpire Constaintín BaisleacNaomh Peadar i 330 A.D. ar bharr seanreilig phágánach áit a gcreidtear gur cuireadh iarsmaí an Naoimh i ndiaidh dó a bheithcéasta bunoscionn.[5]
Bhog Constaintín ardchathair na himpireachta as anRóimh go dtían Bhiosáint. Bunaíodh an chathair sa bhliain AD 324. Tiomnaíodh í ar11 Bealtaine330 agus athainmníodh an chathair,Cathair Chonstaintín, in ómós don impire.
Thug Constaintín Mórbonn nua isteach, ansoladas.[6] Choinnigh an soladas anmeáchan agus an t-ábharmiotail lómhair a bhí ann ó thús suas go dtí lár an11ú céad. Dá bhrí sin, bhí a cháil amuigh agus bhí sé ar an mbonn ba thábhachtaí a bhí in úsáid dothrádáil idirnáisiúnta ar feadh cúig chéad bliain.
D'éag Constaintín ar22 Bealtaine337 AD in Nicomedia (izmir inniu).