Comhthionscadal Francach-Briotanach a bhí ann ó thús ina dhearadh, a thógáil is a úsáid. Bhí suim thar na bearta ann ar fudan domhain. Ach níor cheannaigh aon chomhlacht i dtír ar bith eile ceann díobh, mar bhí an Concorde róchostasach le ceannach is rith.
Díchoimisiúnaíodh an t-eitleán tar éis tuairte tubaistí gar doPháras i 2000 inar maraíodh 113 duine. Trí thimpiste shimplí a tharla sí. Píosa miotail a thit ar an rúidbhealach ó eitleán eile, pholl sé roth ar thaobh clé an eitleáin. Phléasc an bonn seo, agus threáigh píosa de sin ansciathán gar d'inneall clé amháin is umarbreosla istigh sa sciathán. Thosaigh tine san inneall, chuaigh an t-inneall sin ó smacht, scaip an tine, agus ní raibh anpíolóta in ann í a mhúchadh. Cailleadhcumhacht, agus theip ar an t-eitleán a ardú a choimeád ar siúl. Taobh istigh de chúpla nóiméad san aer, chaill sé a luas agus thit go talamh mar a bheadh cloch ann.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol faoineitlíocht é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.