IsComhphobal féinrialaitheach íComhphobal Valencia nóComhphobal Vaileinseach (Vaileinsis:Comunitat Valenciana,Spáinnis:Comunidad Valenciana) in oirthear naSpáinne. Tá sé suite idir dhá abhainn; an Sénia agus Segura, tá cósta 518 cileméadar aici ar anMéanmhuir, le achar 23,255 cm² agus 4.5 milliúin daoine ina gcónaí ann (ca. 2004). Déanann Valencia riaracháin ar na hoileáin Columbretes agus Nova Tabarca freisin. Tá na teorainn seo beagnach mar an gcéanna le teorainneacha Ríocht Stáiriúil Valencia.
Tháinig Ríocht Valencia i bhfeidhm sa 13ú aois. Bhí Séamas "Concar" I i gceannas ar airmCatalónach agusAragóineach, le coilíniú a dhéanamh ar na taifa muslamach, Valevia agus Dénia. Ó shin ar aghaidh bhí Ríocht Valencia mar tír neamhsplachas i Cónaidhm coróin na hAragóine, go dtí 1707, nuair a tháinig an céad Rí Bourbónach naCaistíle agus nahAragóine. Fuair sé réidh leis an mbunracht agus le hinstitiúidí na ríochtanna beaga, a chuid dlíthe agus teangacha. Chuir sé gach rud faoi chois an Stáit lárnach Ríocht na Spáinne. Rinneadh iarracht le neamhspleáchas a baint amach don tír, i rith Dara Poblacht na Spáinne sa bhliain 1936 ach bhris anChogadh Cathrach amach. Le déanaí tá aitheantas oifigiúil aici mar náisiún, i ndiaidh leasaithe ar Reacht Féinriailiú Valencia.
Forograíonn Reacht Féinriailiú Valencia gur Spáinnis agus Vaileinsis na teangacha oifigiúil. Cé go ndeireann Bunracht na Spáinne go bhfuil labhairt an Spáinnis riachtanach ar fud na Spáinne tugann an reacht stádas cosaint speisialta don Vaileinsis toisc go mbaineann an teanga le Talún na Valencia (llengua pròpia).
Go traidisiúnta roinneadh an talamh ina "comarques", agus sa bhliain1883, cosúil leis an tír ar fad, roinneadh é ina cúigí. Tá 32 comarques, agus 3 chúige: Castelló, València, agus Alacant.
TáValència (Spáinnis: Valencia), daonra 796,549, príomhchathair an chúige leis an ainm céanna suite ar an abhainn Turia. Tá féile cháiliúil an Fallas ar Martá 19.
TáAlacant (Spáinnis Alicante), daonra 319,380, príomhchathair an chúige leis an ainm céanna, suite ar chósta naMeánmhara. Tá sé cáiliúil toisc na chnónna crua nó turrón duro (Vaileinsis: torró dur) agus Postiguet, Albufereta agus tráthanna San Joan. Tá an féilre cáiliúil leis na tinte chnámh de San Joan I mí an Mheithimh. Tá a halla cathrach agus caisléain Santa Barbara mar shéadchomharthaí stairiúla.
Tá Elx (Spáinnis Elche), daonra 215,137, cáiliúil don adhmaid óna crainn pailme (darbh ainm Palmeral), agus don Misteri d'Elx, féile thar dhá lá le canadh agus dramaíocht mar shampla, drámaí mar gheall ar Deastógáil na Maighdine Muire.
Castelló de la Plana (Spáinnis Castellón de la Plana), daonra 167,455, príomhchathair an chúige Castelló.
Torrevella (Spáinnis Torrevieja), daonra 84,348, sa deisceart, áit thábhachtach ó thaobh na tuarasóireachta lena lán óstán agus árasán, tá trá La Mata Beach ann freisin.
Gandia, daonra 77,943, áit eile thábhachtach ó thaobh na tuarasóireachta suite ar Costa del Azahar.
Oriola (Spáinnis Orihuela), daonra 75,009, ar abhainn an Segura, cathair stairiúil le pálás, eaglais agus ardeaglais ar an Baix Segura (Spáinnis Vega Baja), áit a soláthraíonn a lán torthaí feirme mar shampla oráistí, líomóidí agus a thuille.
Benidorm, daonra 67,492, ionad saoire, ainmnithe Beniyork toisc an méid tithe spéire, ina measc an cheann is airde sa Spáinn, Gran Hotel Bali (52 urlair ar airde)
Elda, daonra 55,571, tábhachtach toisc go soláthraíonn sé brógaí agus fíona cheantar Vinalopo.
Vila-real (Spáinnis Villarreal), daonra 46,696, tábhachtach ó thaobh solathair ceirmeacht agus brící.
Villena, daonra 34.000, áit a soláthraíonn brógaí agus fíon; a lán séadcohmharthaí stairiúla le feiceáil; féilirí de "Moros y Cristianos", an-tábhachtach do phobal Valencia.
Ibi, daonra 23,059, soláthraíonn sé bréagann.
Bunyol (Spáinnis Buñol), cáiliúil don tomatina, troid illbailteach le trátaí ar chéadaoin dheireanach Lúnasa. Xixona (Spáinnis Jijona), in aice Alicante, cáiliúil do na chnónna bog nó torró de Xixona (Spáinnis turrón de Jijona).