| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | foilsitheoir |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1995 |
| Bunaitheoir(í) | Caoilfhionn Nic Pháidín agusSeán Ó Cearnaigh |
| Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 2019 |
| Suíomh gréasáin | coislife.ie |

Comhlachtfoilsitheoireachta ab eaCois Life Teoranta (Cois Life) a bhí lonnaithe i gcathairBhaile Átha Cliath. An DrCaoilfhionn Nic Pháidín agus an DrSeán Ó Cearnaigh a bhunaigh é sa bhliain 1995.[2] Fógraíodh ar an 17 Iúil 2018 go mbeadh an comhlacht "ag scor d'obair na foilsitheoireachta"[3] ag deireadh na bliana 2019.
D'foilsigh Cois Lifeúrscéalta,gearrscéalta,filíocht,leabhair dopháistí, leabhair d'fhoghlaimeoirí, saothairneamhfhicsin agus leabhair acadúla.[4]
Bhí breis is 140 teideal foilsithe acu.[5] I measc na leabhar a bhí curtha amach acu tá saothair le hÁine Ní Ghlinn,Alex Hijmans,Éilís Ní Dhuibhne,Gabriel Rosenstock,Liam Ó Muirthile,Seán Mac Mathúna agusOrna Ní Choileáin. Bhí réimse leathan údar eile a raibh saothair foilsithe acu leis an gcomhlacht chomh maith.[6]
Is éCruinnscríobh na Gaeilge ceann de na teidil is mó a bhí ag Cois Life, saothar a dhíríonn ar mhúineadh na gramadaí agus ar chruinneas scríbhneoireachta na teanga.[7] Is é Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile in Fiontar & Scoil na Gaeilge DCU a scríobh.[8]
Bhí leabhair dhátheangacha foilsithe ag Cois Life chomh maith.[9] Tá roinnt dá dteidil ar fáil fós i bhfoirmríomhleabhair agusclosleabhair.
Fuair Cois Life cúnamhón gComhairle Ealaíon, agus ó Chlár na Leabhar Gaeilge,Foras na Gaeilge.