Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Clóirín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachClóirín

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach,essential medicine(en)Aistrigh agusdúil litifileach
Clóirín satábla peiriadach
Siombail cheimiceachCl
Uimhir adamhach17
Mais adamhach35.45
Cumraíocht leictreon[Ne] 3s² 3p⁵ agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁵
Peiriad, Grúpapeiread 3
halaiginí
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht3
Ga ianach1.81, 0.12 agus 0.08
Stair
AimsitheoirCarl Wilhelm Scheele
Fionnachtain1774
Eapainmglas

Is é anclóiríndúil cheimiceach uimhir a 17, agus is í antsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha náCl. Le teocht an tseomra agus faoi bhrú an atmaisféir, is gás tachtach é a bhfuil dath buí nó uaine ann. Go bunúsach, is é an rud a tharraingeoidh sé ar an othar ná éidéime na scamhóg - is é sin, líonfar na scamhóga le leacht agus tachtfar an t-othar mar a bheadh sé á bhá. Le fírinne, is ar an gcúis seo a baineadh úsáid áirithe as an gclóirín i machaire áiran Chéad Chogadh Domhanda mar ghás nimhe míleata. Ba é an clóirín an chéad ghás den chineál sin a bhí in úsáid ansin, agus tháinig nimheanna eile ina áit roimh dheireadh an chogaidh, anfhoisgéin ach go háirithe. Comhdhúil chlóirín í an fhoisgéin féin - clóiríd charbóinile, COCl2.

Tá dháiseatóp cobhsaí ag an gclóirín, mar atá,35Cl (timpeall ar thrí cheathrú cuid de chlóirín an dúlra) agus37Cl (an chuid eile). Tá iarsmaí beaga den raidiseatóp úd36Cl le fáil i measc chlóirín an dúlra freisin. Tá sé timpeall ar thrí chéad míle bliain arleathré.

Ceann de na halaiginí é an clóirín, agus d'fhéadfá a rá gurb é an clóirín anhalaigin is tipiciúla. Nuair atá an clóirín ina dhúil aonraithe,móilíní dhá adamh (Cl2) atá ann. Cosúil leis na halaiginí eile, tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an gclóirín, agus é fonnmhar dul i gcomhdhúile le dúile eile le leictreon breise a fháil ar iasacht uathu, ionas go mbainfidh sé amachochtréad iomlán. Dúil leictridhiúltach atá ann, is é sin, is dual dó lucht diúltach a ghlacadh nuair a rachaidh sé i gcomhdhúil le dúile eile. Níl ach an ocsaigin agus an fluairín níos leictridhiúltaí ná é. Ocsaídeoir láidir atá ann, agus is féidir úsáid a bhaint as mar fhrithsheipteán - is é sin, maraíonn sé baictéir, víris agus frídíní eile.

Gáis Clóirín

Rachaidh an clóirín i gcomhdhúil leis an hidrigin le clóiríd hidrigine, HCl, a dhéanamh. Nuair a thuaslagfar an gás seo sanuisce, gheofar aigéad hidreaclórach - aigéad láidir tábhachtach. Is féidir glacadh le comhdhúile an chlóirín agus na miotal mar shalainn de chuid an aigéid seo. Tá an chuid is mó acu intuaslagtha san uisce, ach is eisceacht í an chlóiríd airgid nó AgCl. Le fírinne úsáidtear an níotráit airgid AgNO3 mar oibreán leis an ian clóiríde a aithint: má tá clóiríd ar bith sa tuaslagán, déanfaidh sé dríodar leis an airgead ar an toirt, nuair a rachaidh na hiain chlóiríde Cl- agus na hiain airgid Ag+ le chéile.

Tá sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín: an t-aigéad hipeaclórúil HClO (staid ocsaídiúcháin: +1), an t-aigéad clórúil HClO2 (staid ocsaídiúcháin: +3), an t-aigéad clórach HClO3 (staid ocsaídiúcháin: +5) agus an t-aigéad sárchlórach HClO4 (staid ocsaídiúcháin: +7). Ní féidir ach an ceann deireanach a aonrú, agus níl sé féin róchobhsaí, nó tá sé de chlaonadh ann pléascadh. Tá na haigéid go léir sách cobhsaí i dtuaslagán uisce, áfach. Is féidir salainn na n-aigéad seo a aonrú, áfach. Bíonn salainn an aigéid shárchlóraigh, na sárchlóráití, iontach sothuaslagtha san uisce agus i dtuaslagóirí eile.

Tá trí ocsaíd ag an gclóirín, mar atá, aonocsaíd déchlóirín, nó aonocsaíd chlóirín Cl2O (staid ocsaídiúcháin: +1), dé-ocsaíd chlóirín ClO2 (staid ocsaídiúcháin: +4), agus heaptocsaíd déchlóirín Cl2O7. Is í an aonocsaíd chlóirín ainhidríd an aigéid hipeaclórúil, is é sin, an tsubstaint a iompóidh go haigéad hipeaclórúil nuair a imoibreoidh sí leis an uisce, agus is í an heaptocsaíd is ainhidríd don aigéad sárchlórach.

Maidir leis an dé-ocsaíd, cineálsaorfhréamh atá ann. Is é sin, tá sé de nós ag na leictreoin sna móilíní grúpáil ina ndíseanna, ach tá leictreon aonaránach fágtha ag an dé-ocsaíd chlóirín. Dá réir sin, is substaint an-imoibríoch í an dé-ocsaíd chlóirín, fiú i gcomparáid le comhdhúile eile an chlóirín.

Bíonn iain na n-ocsaigéad agus na hocsaídí ina n-ocsaídeoirí láidre chomh maith leis an gclóirín féin, agus is dá réir sin a úsáidtear iad. Is féidir, mar shampla, laíon páipéir agus ábhar éadaigh a thuar le comhdhúile clóirín. Díghalraítear uisce le comhdhúile clóirín freisin.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Issíol faoinsubstaint cheimiceach é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Clóirín&oldid=1204314"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp