Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Clóchuradóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ullmhú cló (téacs) le haghaidh a chlóbhuailte. Ba réabhlóid i dtáirgeadh leabhar é ceapadh an chló inghluaiste sa15ú céad sanEoraip. Chuireadh clóchuradóirí na carachtair aonaracha miotail in eagar de láimh (ag roghnú na gceannlitreacha ó chás uachtair os a gcomhair, na litreacha beaga ó chás íochtair). Ba cheird oilte ardomóis í. Sa19ú céad tháinig modhanna a bhí bunaithe ar mhiotal te chun cinn, línechló isaonchló. Próisis uathoibríocha den chuid is mó ab ea iad, agus dhéantaí an cló a roghnú is a eagrú leméarchlár a rialaigh teilgean an mhiotail leáite chun gach líne cló a dhéanamh, líne i ndiaidh líne, agus na spásanna á gceartú an t-am ar fad. Sa chóras nua-aoiseach, liteaghrafaíocht aischló, déantar íomhánna le litreacha, siombailí, pictiúir is dearaí a leagan amach ar dtús iríomhaire agus ansin a aistriú chuigpáipéar nó scannán fótamhothálach. Sa ríomhaire a bhíonn na roghanna cló, siombailí is eile, agus dearadh an leathanaigh le breathnú, le ceartú nó le modhnú ar an scáileán go luath sa phróiseas.[1]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Clóchuradóireacht".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 145.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Clóchuradóireacht&oldid=1238771"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp