Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Cine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceithreéicitíopa de shaghsanna éagsúla

Roinn idirdhealaithe gné, suntasach ó thaobh nabitheolaíochta, agus na difríochtaí idir naciní níos mó ná na héagsúlachtaí taobh istigh díobh. Is áisiúil an coincheap é le cur síos ar na héagsúlachtaí i gcuid mhaithplandaí isainmhithe, mar is féidir glacadh le cine mar fhoghné, ach ní fiú dada é maidir le héagsúlachtaí bitheolaíocha i ndaoine.

Na patrúin éagsúlachtaí i measc daoine, is patrúin taobh istigh de ghrúpa go mórmhór iad, agus ní féidir teorainneacha soiléire a tharraingt idir grúpaí. Mar sin, bíodh is go bhfuil coincheap na gciní daonna ann le fada fada, agus go maireann fós, níl sé i gcomhréir le haon chatagóir bhitheolaíoch.

Éiríonn difríochtaí bitheolaíocha idir grúpaí nuair a bhíonn na daonraí síolraithe scoite amach óna chéile ar feadh i bhfad. Ach tá teagmháil ar siúl idir na grúpaí éagsúla daoine ó lár na ré Pléisticéiní ar a laghad, timpeall 600,000 bliain ó shin. Is mó leithne na teagmhálacha le 500 bliain anuas le trádáil, coilíniú, imirce is taisteal. Mar sin, bíonn na cistí géinte ar féithbhogadh an t-am ar fad, agus is beag na codarsnachtaí idir daonraí i gcomparáid lena n-éagsúlachtaí inmheánacha.

Sna ranguithe ciníocha traidisiúnta leagtar béim ar ghnéithe seachtracha, cosúil le dath an chraicinn nó saghas na gruaige, ach na gnéithe bunúsacha eile atá cinntithe go géiniteach, cosúil le cineálachafola is malairtíeinsímí, is ionann iad seo trasna na ranguithe traidisiúnta.

Sláinte

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Haemaglóibin: Buaileannainéime chorráncheallach daoine gorma amháin.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Cine".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 135.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Cine&oldid=1189067"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp