Is tiománaíFoirmle a hAon óMonacó éCharles Marc Hervé Perceval Leclerc[1]. Rugadh é iMonte Carlo ar16 Deireadh Fómhair,1997[2], tá sé ag tiomáint doScuderia Ferrari faoi láthair. Tá conradh aige leis an bhfoireann go dtí deireadh an séasúr 2024. Bhain sé an chraobh GP3 Series i 2016 agus an chraobh FIA Foirmle a dó i 2017.
Thosaigh Charles a ghairm Foirmle a hAon le Sauber i 2018, foireann atá ceangailte le Ferrari, bhí Leclerc ball den acadamh tiomáinta do Ferrari. I 2019, bhí Charles an dara duine is óige riamh chun cháiligh an t-ionad cinn i Grand Prix Bhairéin. Bhain Charles a chéad grand prix an bhliain chéanna sa Bheilg. Bhain sé Corn an Ionaid Cinn i 2019, an tiománaí is óige chun é a bhaint.
Rugadh máthair Charles, Pascale é leis a athair, Hervé Leclerc.[3] Tá deartháir beag aige darbh ainm Arthur, é féin ag tiomáint i bhFoirmle a Trí faoi láthair, agus deartháir more darbh ainm Lorenzo. Fuair a athair bás tar éis tinneas fada, bhí sé 54 bliain d'aois, é féin tiománaí Foirmle a Trí sna 80í agus 90í. Ceithre lá i ndiaidh bás a athair, bhain sé an príomhrás ag an babhta Foirmle a Dó 2017 i mBaki.[4][5]
Bhí a chara as CríostJules Bianchi[6] ina tiománaí Foirmle a hAon é féin, sula fuair sé bás tar éis timpiste a bhí aige ag Grand Prix na Seapáine i 2014.
Dúirt sé cé go bhfuil a ainm fuaimnithe mar [ʃaʁl ləklɛʁ] (le consain chiúin deiridh) i bhFraincis nuair a labhraíonn sé le daoine eile i mBéarla úsáideann sé an fuaimniú galldaithe go minic /ˈtʃɑːrlz ləˈklɜːrk/CHARLZ lə-KLURK. Tá sé ráite aige go "is maith leis an mbeirt ceann acu," agus tá an dá fuaimniú sásúil dó.[8]
Charles Leclerc ag tiomáint do Haas i 2016Charles Leclerc ag triail do Sauber ag Grand Prix na Malaeisia 2017
I 2016, chuaigh Leclerc isteach san Acadamh Tiománaí Ferrari agus bhí sé ina tiománaí forbartha doHaas F1 Team agusScuderia Ferrari. Mar gheall ar an bpost seo, ghlac Leclerc páirt den gcéad seisiún chleachtaidh don Grand Prix Briotanach agus Gearmánach do Haas. Creideadh go má bhain Leclerc an Chraobh GP3 Series amach, go rachaidh sé díreach ó GP3 go dtí F1 (le Haas) cosúil leDaniil Kyvat agusValtteri Bottas. Bhí seo bréagnaithe afách, agus dúirt an ceann foirne HaasGunther Steiner go mbeidh Leclerc ag dul go dtí an Chraobh Foirmle a 2 2017.
I 2017, ghlac sé páirt sa triail lár-séasúrHungaroring tar éis Grand Prix na hUngáire, ag tiomáint an Ferrari SF70H. Bhí sé an duine is gasta ar an gcéad lá den dtriail, rinne sé 98 cuarda sa bpróiseas agus níor ghlac sé páirt ar an ndara lá den dtriail. ThugKimi Räikkönen cuid moladh chuige mar gheall ar an ngaisce seo.
Don gCraobh Foirmle a hAon 2018, síniú Leclerc le Sauber F1 Team mar tiománaí rásaíochta, leMarcus Ericcson mar a chomhthiománaí. Tháinig sé in ionadPascal Wehrlein ag an bhfoireann. Bhí seo an chéad uair a chonacthas tiománaí Foirmle a hAon óMonacó ó Olivier Beretta i 1994. Ag an Grand Prix na hAsarbaiseáine, chríochnaigh sé sa séú háit agus bhí sé an dara tiománaí ó Monacó chun pointí a aimsiú i bhFoirmle a hAon i ndiaidh Louis Chiron, a chríochnaigh sa tríú háit ag Grand Prix Mhonacó 1950. Ag a chéad rás sa bhaile i bhF1, d'fhulaing Leclerc teip choscán sna cuairdeanna deiridh, ag tuairteáil isteach ar chúl Brendon Hartley agus ag fórsáil an dá carranna isteach ar scor. Chonaic sé trí críocha sa bpointí as a chéile i gCeanada,sa Fhrainc agussan Ostair, le cúig rásanna gan pointí ina dhiaidh sin. Níor chríochnaigh sé trí rásanna sa tréimhse seo; bonn scoilte saBhreatain, dochar chrochta tar éis timpiste le Sergio Pérez sanUngáir, agus timpiste ilcharr saBheilg a thosaighNico Hulkenberg, leFernando Alonso ag dul thar carr Leclerc. Dúradh go raibh an Halo, curtha in aithne an bhliain chéanna, an rud a shábháil Leclerc ó gortú[9].
Fuair Leclerc níos mó pointí níos moille sa séasúr, bhain sé naoú háit i Singeapór agus seachtú háit sa Rúis, roimh cuid neamhchríocha ó teip meicniúil sa tSeapáin agus dochar ó timpiste le Romain Grosjean sna Stáit Aontaithe. Chríochnaigh sé an séasúr le críocha sa seachtú háit ag na trí rásanna deireanach. Ar fud an tséasúir, cháiligh sé níos airde ná a chomhthiománaí Ericcson seacht déag amach as fiche a haon rásanna agus chríochnaigh sé an séasúr sa tríú háit déag le 39 pointe aimsithe amach aige.
Leclerc ag Grand Prix na Síne 2018 i rith seisiún trialach a trí
Síniú Scuderia Ferrari Leclerc son séasúr 2019, in áit Curadh Domhanda 2007 Kimi Räikkönen, é féin ag glacadh áit Leclerc ag Sauber (Alfa Romeo anois). Fograíodh é don séasúr 2019 i dtús báíre, roinnt laethanta níos moille, léírigh an t-iarcheann foirne Maurizio Arrivabene go mbeidh conradh Leclerc ceithre shéasúr ar fad, ag rith go dtí "2022 ar a laghad." Rinne Leclerc a chéad lá trialach mar tiománaí oifigiúil do Ferrari i Samhain 2018 i rith an deireadh na trialach séasúir.
Ina chéad Grand Prix ag tiomáint do Ferrari, thosaigh agus chríochnaigh sé sa chúigiú háit sa Grand Prix na hAstráile. Ina dara cáilithe do Ferrari, bhain sé an t-ionad cinn amach don gcéad uair ina ghairm Foirmle a hAon, bhí na amanna is gasta aige in dhá cheann de trí seisiún trialach agus i ngach seisiún cáilithe, bhain sé curiarracht ráschúrsa nua amach agus rinneadh an t-ionad cinn is óige do Ferrari riamh dó. Bhí sé chun cinn don bhformhór don rás, ach chaill sé an tosach agus scoith Lewis Hamilton agus Valettri Bottas é mar gheall ar a inneall ag cailleadh sorcóir le hinsteallaire breosla teipthe. Choisc luascharr Max Verstappen an tríú háit a glacadh mall sa rás agus fuair Leclerc a chéad póidiam ina ghairm Foirmle a hAon.
Charles Leclerc (16) lena chomhthiománaí Sebastian Vettel (5) sa Grand Prix na hOstaire 2019
Sa tSín, cháiligh Leclerc sa cheathrú háit ar cúl a chomhthiománaí Sebastian Vettel. Tar éis ag scoitheadh é i rith tús an rása, d'iarr air an áit a thabhairt ar ais dó, chríochnaigh sé an rás sa chúigiú háit. San Asarbaiseáin, bhí sé an rogha don ionad cinn, curtha deireadh leis tar éis timpiste sa dara seisiún cáilithe. Thosaigh sé an rás san ochtú háít i ndiaidh pionóis do na beirt tiománaí Alfa Romeo agus chríochnaigh sé sa chúigiú háit, le pointe sa bhreis don chuaird is gasta den rás. Ag an gcéad rás eile i Monacó, dhíbir sé i Q1 agus thosaigh sé sa 15ú háit toisc go coinnigh Ferrari é sa gharáiste chun a bhoinn a shábháil, ag gannmheas forbairt an raoin ag deireadh an tseisiúin cáilithe. D'fhulaing sé polltán agus dochar urláir trom tar éis iarracht teipthe chun Nico Hülkenberg a scoith, an dara huair níor chríochnaigh sé a Grand Prix sa bhaile. I gCeanada, cháiligh agus chríochnaigh Leclerc sa 3ú háit, a dhara póidiam, ar cúl an críochnú conspóideach 1–2 le Hamilton agus Vettel. Chríochnódh sé sa 3ú háit arís sa bhFrainc. Ag an Grand Prix na hOstaire, fuair sé a dhara ionad cinn ina ghairm Foirmle a hAon. Chiochnaigh sé an rás sa 2a háit tar éis timpiste le Max Verstappen i Red Bull, bhí sé chun tosaigh don bhformhór den rás. D'fhiosraigh na maoir an eachtra i ndiaidh an rás, mheas siad go raibh sé ina eachtra rásaíochta agus níor ghlac siad gníomh.
Ag an Grand Prix na Breataine, cháiligh Leclerc sa 3ú háit, chun tosaigh ar Max Verstappen. Chríochnaigh sé an rás san 3ú háit agus vótáladh é do 'Tiománaí an lae' do a chosaint ar cuid ionsaí ó Max Verstappen go luath sa rás. Bhí é seo a cheathrú póidiam i ndiaidh a chéile sa séasúr. In ainneoin nár chríochnaigh sé níos lú ná an 2a háit sna trí séisiúin trialach, cháiligh Leclerc sa 10ú háit i Grand Prix na Gearmáine tar éis fadhb leis an gcóras breosla, ní raibh sé ábalta am cuarda a dhéanamh sa séisiún cáilithe deireanach mar gheall ar. Rás anfhluich a bhí ann mar gheall ar an bhfearthainn, thiomáin sé suas go dtí an 4ú háit sna cuarda luath. Cuiradh boinn boga ar a charr cé go raibh an raon rófhluich do bhoinn míne, chaill sé rialú an chairr ar cuaird 29 agus thuairteáil sé isteach sna bacainní, an dara rás sa séasúr nár chríochnaigh sé. I Grand Prix na hUngáire, d'fhulaing Leclerc timpiste ón taobh thiar i gcáilithe. Chríochnaigh sé an rás sa 4ú háit.
Charles Leclerc (ar dheis) ag troid le Lewis Hamilton (ar chlé) don chéad áit ag Grand Prix na hIodáile 2019
Ag an gcéad rás tar éis sos an tsamhraidh, Grand Prix na Beilge, ghlac Leclerc a tríú aonad cinn sa séasúr leis a chomhthiománaí Sebastian Vettel sa 2a háit—an dara glasáil líne thosaigh do Ferrari sa séasúr. I rith an rása, chosain Leclerc Lewis Hamilton i Mercedes chun a chéad bua Grand Prix i bhFoirmle a hAon. Tar éis an rás, thiomnaigh sé a bhua dó a iar-iomaitheoir agus cara Anthoine Hubert, a maraíodh i dtimpiste i rith an lánrása Foirmle a dó an lá inné ag an ráschúrsa céanna. Mar gheall ar an rás seo, tá Leclerc an duine is óige chun rás a chain i Ferrari. Ag Grand Prix na hIodáile, bhain Leclerc an rás ón t-ionad cinn i ndiaidh ag cosaint a áit ón dá tiománaí Mercedes agus bhí sé an chéad tiománaí Ferrari a bhaint ag Monza ó Fernando Alonso, bhain sé an rás ansin ina Ferrari i 2010. Fuair sé a tríú aonad cinn i ndiaidh a chéile i Singeapór, bhí an tosach aige ag an dtús, chríochnaigh sé sa 2a áit ar chúl a chomhthiománaí Vettel. Fuair sé a cheathrú aonad cinn i ndiaidh a chéile agus a séú ceann i rith an tséasúir sa Rúis. Scoith Vettel Leclerc sa chéad coirnéal agus bhí Vettel sa tosach don chéad leath den rás sula d'eagraigh an fhoireann plean ar son Leclerc chun an tosach a athghlacadh ó Vettel. Níor chríochanigh Vettel an rás le teip córas hibrideach tamaillín i ndiaidh an plean, ag tógadh an luascharr fíorúil amach. Bhí seo buntáiste mór do na tiománaí Mercedes, a réitigh a stad sloic agus chríochnaigh siad an rás chun tosaigh Leclerc sa 3ú háit.
Charles Leclerc ag Grand Prix na Seapáine 2019
Cháiligh Leclerc sa 2a háit sa tSeapáin, ach ghlac sé dochar sa chéad cuaird tar éis timpiste le Max Verstappen. Chríochnódh sé an rás sa séú háit, a chríochnú is measa den séasúr. Ghlac Leclerc a seachtú aonad cinn den séasúr i Meicsiceo i ndiaidh pionós greille do Verstappen—a cháiligh sa chéad áit—do fheall brataigh buí. Chríochnaigh sé an rás sa 4ú háit. Tar éis críochnú 4ú háit eile sna Stáit Aontaithe, níor chríochnaigh sé a tríú rás den séasúr tar éis timpiste conspóideach lena chomhthiománaí Vettel i mBrasaíl, scrios sé an rás don mbeirt tiománaí. Chríochnaigh Leclerc an séasúr sa tríú háit in Abú Daibí.
Chríochnaigh Leclerc an séasúr 2019 sa cheathrú háit sa chraobh le 264 pointe aige, níos mó ná a chomhthiománaí Vettel, a chríochnaigh sa chúigiú háit le 240 pointe. I rith a chéad séasúr le Ferrari, fuair sé deich bpóidiam, dhá bhua, ceithre chuaird is gasta, agus na ionaid cinn is mó ná tiománaí ar bith an séasúr sin, le seacht. Bhain Leclerc an Duais Ionad Cinn, an chéad duine chun é a bhaint gan Mercedes a thiomáint. Bhí sé an chead duine ó Mhonacó chun Grand Prix Craobh Foirmle a hAon (cé go bhain Louis Chiron cuid Grand Prix roimh an chéad Craobh i 1950).
Issíol faoiFoirmle a hAon é an t-alt seoCuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.