Ar feadh a shaoil, thaistil sé timpeall an domhain ag spreagadh daoine le héirí amach i réabhlóidí sóisialacha i dtíortha ar nósChúba,Ghuatamala agus anChongó. Tá a aghaidh ar na haghaidheanna is clúití ar domhan, fós inniu.[1] Seasann íomhá Che – lena chuid gruaige dorcha fiáine, bairéad dubh agus stánadh géar – seasann sé do streachailt armtha an phobail agus don réabhlóid go fóill.[1]
Ba de bhunadhÉireannach agusBascach iad a mhuintir, rud, dar leis féin, a chuir lena nádúr reibiliúnach (rugadh sin-seanathair amháin in ÉIrinn).[2][3][4]
Nuair a bhí sé óg, thosaigh sé ag staidéar chun bheith ina dhochtúir.
Thaistil sé tríMeiriceá Laidineach, áit a bhfaca sé bochtanas an phobail don chéad uair. Thiontaigh Guevara chun anMharxachais i ndiaidh dó turas a dhéanamh fríd an mhór-roinn ar ghluaisrothar le cara dá chuid (a n-eachtraí atá le feiceáil sa scannánThe Motorcycle Diaries).
Chuaigh an bhochtaineacht fhairsing i bhfeidhm go mór air agus gheall ‘El Che’ go gcaithfeadh sé a shaol ag troid ar son daoine bochta agus ar a son siúd faoi chois.
Bhí cúigear clainne aige, ceann amháin (i 1955) lena chéad bhean, Hilda,[5] agus ceathrar eile tar éis pósadh athuair sa bhliain 1959.[6]
Chuaigh sé go dtíGuatamala chun éisteacht leis na rudaí a bhí le rá ag an tUachtarán Jacobo Arbenz Guzmán. BhíFulgencio Batista i gceannas i gCúba ag an am úd. ChuirFidel Castro, in éineacht le Guevara, feachtas míleata nua ar bun in aghaidh anrialtais ag deireadh1956.
An teaghlach, 1963: ar chlé, Aleida March (a bhean chéile, tar éis pósadh athuair) agus Camilo, Hilda, Celia (ar ghlúin Che) agus Aleida (ar dheis)
Chuir siad buíon chomhtháite troda nua ar bun iMeicsiceo ar dtús. Bhog siad ansin go dtí Cúba. Throid Guevara taobh le taobh le Fidel Castro agus réabhlóidithe eile óna gcró folaigh i sléibhte an Sierra Maestra, sléibhte gar doSantiago de Cuba, suite in oirdheisceart na tíre.
Ghlac Che páirt thábhachtach sanéirí amach. I ndeireadh na dála, gabhadh seilbh ar Havana ar1 Eanáir 1959 nuair a theith Batista ón oileán.
Chaith Guevara tamaill ghearr maraire rialtais i gCúba.
Chuaigh Che go dtí an Congó (áit a ghlaoitearPoblacht Dhaonlathach an Chongó anois ar) ar feadh bliana ag iarraidh cabhair a thabhairt don éirí amach a bhí ar siúl in oirthear na tíre, ach theip air (Guevara, 2001).[7]
Faoin am ar maraíodh Che sa Bholaiv in 1967, bhí clú agus cáil dhomhanda ar an Airgintíneach mar réabhlóidí, ceannaire sóisialach agus laoch ag daoine bochta ar fud Mheiriceá Theas.
'Guerrillero Heroico', le Jim Fitzpatrick, 1968, le feiceáil i ngach áit i gCúba sna 2020idí
Ba ag ócáid chuimhneacháin i gCúba in 1960 a ghlac Alberto Korda an grianghraf ‘Guerrillero Heroico’, nó ‘Guairille Gaisciúil’ (thuas ar dheis). Nuair a rugadh Ernesto Guevara, is beag a síleadh ag an am go mbeadh aghaidh 'Che' ar na haghaidheanna is clúití ar domhan na blianta anonn.
Ba éJim Fitzpatrick[8] – ealaíontóir asBaile Átha Cliath – a d’athraigh grianghraf Korda sa bhliain 1968 go dtí an íomhá íocónach sin a aithnítear fud fad na cruinne sa 21ú aois. Dar le Fitzpatrick go raibh sé ag iarraidh ar an íomhá “pórú mar a bheadh coiníní ann”. Roimh i bhfad bhí orduithe ag teacht ó ghrúpaí polaitiúla ó gach aon chearn den domhan.
Is íomhá fhíor-chumhachtach é, atá le feiceáil go fóill ar t-léinte, póstaeir agus fiú mar thatúnna. Agus tá daoine ann ag déanamh dia beag densceimhlitheoireacht Guevara chomh maith. Inniu Áit ar bith a mbeadh coimhlint ann – An Phalaistín, Tír na mBascach, An Cholóim – thiocfadh íomhá Che chun tosaigh mar shiombail na réabhlóide.