Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Cathair Pheadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCathair Pheadair
Санкт-Петербург (ru)Cuir in eagar ar Wikidata
BratachArmas
BratachArmas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAnthem of Saint Petersburg(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata

LeasainmПитер,Piter,Window to Europe,Window to the West,City of White Nights agusNorthern PalmyraCuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNaomh PeadarCuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 59° 57′ N, 30° 19′ E /59.95°N,30.32°E /59.95; 30.32
Stát ceannasachan RúisCuir in eagar ar Wikidata
Iamhchríoch laistigh deCúige LeningradCuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán5,652,922 (2025)Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús3,928.37hab./km²
Teanga oifigiúilan RúisisCuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deNorthwestern Federal District(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,439 km²Cuir in eagar ar Wikidata
Imeallbhord35 kmCuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceNeva,Murascaill na Fionlainne,Griboyedov Canal(en)Aistrigh,Obvodny Canal(en)Aistrigh,Abhainn Okhta,Abhainn Bolshaya Nevka,Ekateringofka(en)Aistrigh,Kronverksky Strait(en)Aistrigh,Krjukov Canal(en)Aistrigh,Abhainn Malaya Neva,Abhainn Bolshaya Neva,Abhainn Slavyanka,Krestovka,Abhainn Okkervil,Abhainn Fontanka,Abhainn Moyka agusAbhainn Srednyaya NevkaCuir in eagar ar Wikidata
Airde3 mCuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeOrekhovaya Mountain(en)Aistrigh (175.9 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síLeningradCuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Peadar MórCuir in eagar ar Wikidata
Cruthú27 Bealtaine 1703
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhthionól Reachtaíochta Chathair PheadairCuir in eagar ar Wikidata
 Gobharnóir Saint PetersburgCuir in eagar ar WikidataAlexander Beglov(2018–)Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist190000–199406Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód812Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2RU-SPECuir in eagar ar Wikidata
OKTMO ID(en)Aistrigh40000000Cuir in eagar ar Wikidata
OKATO ID(en)Aistrigh40000000000Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.spb.ruCuir in eagar ar Wikidata

Facebook: VisitPetersburgX: VisitPetersburgInstagram: visitpetersburgTelegram: visit_petersburgVK: spbYoutube: UCppKUG2Zmozx-EU5SQDZyDwYoutube: visitpetersburgvideoTikTok: visitpetersburgCuir in eagar ar Wikidata

Iscathair saRúis íCathair Pheadair (Rúisis:Санкт-Петербу́рг), agus í ar an dara cathair is mó sa tír. Ba é an SárPeadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain1703, agus í inapríomhchathair ar an tír go dtí an bhliain1918, nuair a rinneadhpríomhchathair deMhoscó.

Ainm

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Athraíodh ainm na cathrach cúpla uair i rith na mblianta.

  • RinneadhPetrograd (Петрогра́д) (19141924) di nuair a chuaigh na Rúisigh chun cogaidh in aghaidh na nGearmánach, agus blas na Gearmáinise ar an ainm a bhí ar an áit go dtí sin.
  • Ina dhiaidh sin, tugadhLeningrad (Ленингра́д) (19241991) uirthi i ndilchuimhne arVlaidímír Léinín, ceannaire na mBoilséiveach. Nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas mar idé-eolaíocht oifigiúil, fuair an chathair a seanainm ar ais, siúd is go bhfuil an cúige (oblast) atá ina timpeall ainmnithe as Leningrad i gcónaí.

Is éPiter (Питер) an t-ainm a thugann muintir na háite féin uirthi sa ghnáthchaint, áfach. Cé nach bhfuil sí ina príomhchathair a thuilleadh, is gnách le muintir na Rúise "an Phríomhchathair Thuaidh" nó b'fhéidir "Príomhchathair an Tuaiscirt" a thabhairt uirthi (северная столица an leagan Rúisise).

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain1703 ar thailte a ghabh sé ó naSualannaigh. IascairíFionlannacha ba mhó a bhí ina gcónaí sna bólaí seo roimhe sin, agus bhí daingean Sualannach, Nyenskans, ann go dtí gur scrios na díormaí Rúiseacha é.

Cearnóg an Pháláis i gCathair Pheadair. Tá colún cuimhneacháin an tSáir Alastair ina sheasamh i lár na cearnóige. B'é an t-ailtire Francach Auguste de Montferrat a dhear an colún. Tógadh an colún sna 1830idí.

An chathair Shualannach, Nyen, a bhí bunaithe i lár na seachtú haoise déag in aice leis an daingean, bhí sí tréigthe agus dóite ag na Sualannaigh roimh ionsaí na Rúiseach féin.

Chaith Peadar blianta a óige ag déanamh staidéir sanOllainn, agus é an-tugtha do theanga na tíre sin. Mar sin, thug sé ainm ar an áit a raibh blas nahOllainnise air - Sankt-Peterburg, nó fiúSint-Pieterburch. Ar dtús, ní raibh ann ach daingean - an daingean céanna ar a dtugtar Daingean Pheadar agus Phóil, nóPetropavlovskaya Krepost, air inniu. Ansin draenáladh na portaigh ina thimpeall, agus thosaigh tógáil na cathrach féin. Bhí innealtóirí ónnGearmáin i bhfeighil na n-oibreacha draenála, agus seirfigh Rúiseacha ag déanamh an chuid ba throime den obair.

Metro

Thairis sin, chuir Peadar d'fhiacha ar shaoir chloiche na tíre go léir teacht go dtí Cathair Pheadair, agus choisc sé aon teach cloiche a thógáil in aon chuid eile den Rúis.

Bhí Cathair Pheadair ceaptha mar "fhuinneoig na Rúise roimh an Iarthar", mar a scríobhAileacsandar Púiscín, file náisiúnta na Rúise. Bhí sí ina cuan tábhachtach trádála, go háirithe nuair a thosaigh trádáil na Rúise agus naBreataine Móire ag fás, agus ina bunáit ag loingeas Baltach na Rúise. Go gairid i ndiaidh bhunú na cathrach féin, tógadh daingean Kronstadt in Oileán Kotlin in aice leis an gcathair, daingean atá ina chuan cogaidh inniu féin.

San18ú agus san19ú haois, thóg na maithe is na móruaisle páláis as éadan a chéile i gCathair Pheadair, agus is cuid súl iad inniu féin ag na cuairteoirí. Os a choinne sin, dhéanadh na tuilte an-dochar.

Sa bhliain1861, chuir an Sár Alastair a Dó an seirfeachas ar ceal, agus saoradh seirfigh na Rúise ón mbráca.

Ar an27 Aibreán1906, osclaíodh an Chéad Duma sa Rúis i gCathair Pheadair.

Sa19ú haois, huaigh na mílte scológ go dtí Cathair Pheadair ar lorg oibre, agus thosaigh na tionóntáin ag fás aníos timpeall na cathrach. Ó bhí idir lucht oibre agus chaipiteal ann, ní díol iontais é gur tháinig borradh ar an tionsclaíocht. Sna sálaí air sin tháinig an radacachas agus anSóisialachas.

Lárionad Lakhta

Tógadh an tIonad Lakhta sa bhliain 2018. Is é anfoirgneamh is airde sanEoraip, beagnach leathchiliméadar ar airde, nó 462 méadar[1]. Táoifigí aguspláinéadlann ann.

Tá a thuilleadh meán agCómhaoin Wikimediaa bhaineann le:Cathair Pheadair.

Oideachas

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sa bhliain 2006/2007 bhí 1,024 naíonra,716 scoileanna poiblí agus 80 gairmscoileanna. BhíSaint Petersburg State University an ollscoil poiblí is mó le 32,000 daltaí.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Eleathanach 272. 9 Deireadh Fómhair 2017
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Cathair_Pheadair&oldid=1238492"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp