Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Cat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCat
Felis catusCuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Tréimhse iompair64 laethantaCuir in eagar ar Wikidata
Is foinse é an tacsón seo decat dander(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Ionchas saoilc. 22 bliain
Galarailléirge catCuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdCarnivora
FineFelidae
GéineasFelis
SpeiceasFelis catusCuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Felis silvestris catusCuir in eagar ar Wikidata

Isainmhí clóis éan cat (Felis catus), nóan cat clóis/tí/baile, mar a thugtar air uaireanta chun idirdhealú a dhéanamh idir é agusféilínigh eile.

CeiliúrtarLá Idirnáisiúnta an Chait ar an 8 Lúnasa. Ba é an Ciste Idirnáisiúnta um Leas Ainmhithe (International Fund for Animal Welfare) a chuir tús leis an nós in 2002.[1]

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]
cat agus a scrabhdóir

Tá caidreamh fada ag an gcat leis an gcine daonna, ar a laghad 9,500 bliain,[2] mar pheata agus chun an ruaig a chur armhíolra. Téann bunús na gcat ceansaithe baile siar go dtí an Neasoirthear nuair a thosaigh an cat fiáin a dhul a chónaí i measc na mbailte nua a bhí á dtógáil ann ag an am. Síolraíonn gach cat ar domhan ó chúig chat fia baineann a ceansaíodh sa tréimhse sin agus anois tá níos mó ná 70 pór ar fad ann.[1]

deoch deas

Níorbh fhada gur leathnaigh an cat baile ar fud an domhain. Inniu bíonn an-tóir go deo ar fhíseáin, íomhánna agus méimeanna a bhaineann leis an ainmhí beag. Is amhlaidh go bhfuil an oiread físeán faoi chait arYoutube – thar 2 mhilliún! – go bhfuil ‘Sonóg Neamhoifigiúil an Idirlín’ baiste ar an chat!.[1]

Sanasaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá gach seans ann go síolraíonn an focal ‘cat’, atá le fáil i dteangacha ar fud na hEorpa, ón mhórcheantar céanna, ó theanga Afra-Áisice nó teanga a bhí á labhairt sanÉigipt roimh anChoptais.[1]

Cur síos

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Mamach beagfeoiliteach atá i gceist. Deineann na cait fuaim faoi leith; deirtear go mbíonn an cat agcrónán.

Creachadóir tréitheach é, agus meastar go bhfuil thart ar 1,000 speiceas á fhiach aige mar bhia. Tá sé sa dúchas ag an gcat lucha a mharú, go háirithe.

Bíonn an cat an-neamhspleách

cat agus laghairt
ag súgradh

Frásaí[3] agus seanfhocail

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • "a bheith cosúil le rud a tharraingeodh an cat isteach lá fliuch"
  • "ag borradh is ag at mar a bheadh cat i mála"
  • "ar nós cat ar ghrideall"
  • "Ar fhuadaigh an cat do theanga?"
  • "Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán"
  • "Beagán ar bheagán a d'ith an cat an scadán"
  • "bheith chomh ríméadach le cat a mbeadh bróga air"
  • "bheith chomh sásta le cat a mbeadh póca air"
  • "Bíonn gach cat liath san oíche"
  • "Briseann an dúchais trí shúile an chait"
  • "Cad a dhéanfadh mac a' chait ach luch a mharú?"
  • "chomh postúil le cat a mbeadh póca air"
  • "chomh sásta le cat an dá eireaball"
  • "Chuirfeadh sé cat ag gáire"
  • "Dhéanfadh sé cat agus dhá eireaball air"
  • "Fiosracht a mharaigh an cat"
  • "Is aoibhinn leis an cat an t-iasc ach ní háil leis a chosa a fhliuchadh"
  • "Is é gnó an chait luch a mharú"
  • "Is iomaí bealach le cat a mharú seachas é a thachtadh le him"
  • "Is mac don chat an piscín"
  • "Mura bhfuil cat sa teach beidh na lucha gan bac"
  • "Nuair atá an cat amuigh, bíonn an luch ag rince"
  • "Níl slí dhá chat chun rince ann"
  • "Nuair a bhíonn an cat ar shiúl, bíonn cead rince ag na luchóga"
  • "Ólann an cat ciúin bainne leis"
  • "Scéal an chait, a piscín"
  • "Tá cead ag an chat féachaint ar an rí (ach thig leis an rí é a chaitheamh)"[4]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. 1.01.11.21.3NÓS (8ú Lúnasa 2017). "Lá Idirnáisiúnta an Chait á cheiliúradh inniu!" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-08-08.
  2. "Oldest Known Pet Cat? 9,500-Year-Old Burial Found on Cyprus" (en). Animals (2004-04-08). Dáta rochtana: 2021-08-08.
  3. "cat - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for cat by New English-Irish Dictionary". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.
  4. "Seanráite" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-08-08.

Naisc

[cuir in eagar |athraigh foinse]


Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Cat&oldid=1206941"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp