Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Carl von Linné

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCarl von Linné

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(sv)Carl Nilsson LinnaeusCuir in eagar ar Wikidata
23 Bealtaine 1707
Råshult, An tSualainnCuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Eanáir 1778
70 bliana d'aois
Linnaeus Hammarby, An tSualainnCuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaUppsala Cathedral(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais na Sualainne
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harderwijk-míochaine (1735–1735)
Ollscoil Uppsala-míochaine (1728–)
Ollscoil Lund-míochaine (1727–)Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Leighis
Comhairleoir dochtúireachtaOlof Rudbeck the Younger agusJohannes Gorter
Teanga dhúchaisan tSualainnis
Gníomhaíocht
Réimse oibreMíochaine,eolaíocht an nádúir,luibheolaíocht aguseolaíocht nádúrtha
Suíomh oibreUppsala
StócólmCuir in eagar ar Wikidata
Gairmgeolaí, éaneolaí, feithideolaí, míoleolaí, nádúraí, mianreolaí, araicneolaí, tacsanomaí, brí-eolaí, míceolaí, luibheolaí, ollamh, teirideolaí, dochtúir leighis, bitheolaí, dírbheathaisnéisí, bailitheoir eolaíochtaCuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1722 –  1778
FostóirOllscoil UppsalaCuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidLaurentius Roberg agusOlof Celsius
Mac/iníon léinnPeter Ascanius../... 29+
TeangachaAn Laidin agusan tSualainnis
Ghlac sé/sí páirt i
12 Bealtaine 1732Expedition to Lapland(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaFredrik Hasselqvist,Carl Peter Thunberg,Anders Sparrman,Peter Forsskål,Anton Rolandsson Martin,Alexander von Karamyschew agusMatvej Ivanovitj Afonin
Giorrúchán luibheolaíochtaL.
Lua an údair (zó-eolaíocht)Linnaeus
Teaghlach
TeaghlachLinné family(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
CéileSara Elisabeth MoræaCuir in eagar ar Wikidata
PáisteCarl Linnaeus Óg, Lovisa von Linné, Elisabeth Christina von Linné, Sara Christina von LinnéCuir in eagar ar Wikidata
AthairNils Ingemarsson Linnaeus  agus Christina Brodersonia
SiblínAnna Maria Linnæ,walla brur,Sofia Juliana Collin agusSamuel Linnaeus
Gradam a fuarthas
Síniú



Goodreads author: 660225Find a Grave: 8162305Project Gutenberg: 9516IPNI: 12653-1Cuir in eagar ar Wikidata

LuibheolaíSualannach ab eaCarl LinnaeusCarl von Linné (23 Bealtaine,170710 Eanáir,1778), a rugadh i Rashult naSualainne. Chuir von Linné tús leis antacsanomaíocht, is é sin, an brainse denbhitheolaíocht a bhíonn ag plé le rangú agus le haicmiú na neachanna beo. Tá cáil air freisin mar dhuine de cheannródaithe na héiceolaíochta.

Beathaisnéis

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Rugadh Carl Linnaeus i Råshult, i gcúige Småland i ndeisceart naSualainne. Bhí a athair agus a sheanathair inaministrí roimhe, agus ghlac a mhuintir leis go rachadh sé ag staidéardiagachta chomh maith, ach níor theastaigh uaidh bheith ina mhinistir.

Thugdochtúir leighis áitiúil spreagadh dó dul leis anluibheolaíocht, ó ba léir go raibh suim aige snaplandaí. De réir mar a mhol an dochtúir seo, sa bhliain 1728, chuir a athair a mhac go hOllscoil Lund, arbh í anollscoil ba chóngaraí í. An bhliain dár gcionn, d'aistrigh sé go hOllscoil Uppsala.

Bhísaol crua aige in Uppsala ar dtús agus an t-airgead gann air, ach ansin, fuair sé aithne ar an eolaí cáiliúil Olof Celsius. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar Celsius chomh heolach is a bhí Linnaeus óg ar na plandaí agus chomh dúthrachtach is a bhí sé ag bailiú samplaí. Mar sin, chuir sé lóistín ar fáil dó.

Sa bhliain 1761, d'athraigh sé a ainm goCarl von Linné (Fuaim éist) nuair a bronnadh uaisleacht air.

Fear sna seascaidí, bhuail roinntstrócanna é; D’éag Carl Linnaeus ar 10 Eanáir 1778, in aois 70 dó. Tá sé curtha inardeaglaisUppsala.

An Córas Linnaech

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is é an príomhrud a chur Linnaeus i gcrích ná gur bhunaigh sécóras ainmniúcháin i gcomhair na n-orgánach beo ar glacadh leis go forleathan i saol na heolaíochta. Chuir obair Linnaeus tús leis an ainmníocht déthéarmach a mbaintear úsáid choitianta aisti le speicis na neachanna beo a shainiú go neamhdhébhríoch. Chomh maith leis sin, d'fhorbair sé antacsanomaíocht Linnaech - an córas aicmithe eolaíoch atá in úsáid go forleathan sa bhitheolaíocht go fóill.

Sa chóras Linnaech, aicmítear na neachanna beo go hordlathach. Is í anríocht an leibhéal is airde sa chóras, cosúil leríocht na n-ainmhitheríocht na bplandaí - de réir na cuma atá ar an gcóras inniu, tá ríocht na n-eobaictéar, ríocht na n-aircéabaictéar, ríocht na bhfungas agus ríocht na bProtista ann. Ansin, roinntear na ríochtaí ina n-aicmí, na haicmí ina n-oird, agus na hoird ina ngéinis. Baill den ghéineas, arís, is iad na speicis, ach d'aithin Linnaeus roinnttacsóngan ainm faoi bhunrang an speicis.

Furia infernalis in Carl von Linné,Systema Naturae

Seo liosta de na ranganna ar fad atá aitheanta sa lá atá inniu ann (bunaithe ar chóras Linnaeus).[1]

  • Ríocht
  • Fíleam
  • Rang
  • Ord
  • Fine
  • Géineas
  • Speiceas
Linné-Fundamenta Botanica-1736

Nuair a fhionnfar neach nua, tabharfar ainm déthearmachLaidine air. Is é is brí le h-"ainm déthéarmach" ná ainm a bhfuil dhá théarma, nó dháfhocal, ann:

  • is é an chéad fhocal an t-ainm géineasach a chuireann in iúl géineas anorgánaigh
  • is é an dara focal an t-ainm speiceasach, agus é go sainiúil ag gach speiceas i ngéineas áirithe.

RangúHomo Sapiens:

Leabhair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is iad aleabhairSpecies plantarum (Saghsanna Plandaí, 1753) agusSystema naturce (Córas an Nádúir, 10ú n-eagrán, 1758-9) a chuir tús oifigiúil le córas tacsanomaíoch reatha na n-ainmneacha déthéarmachaLaidineacha ar phlandaí is ainmhithe.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. dar le Matt Hussey,Fréamh an Eolais, Coiscéim (2012), leathanach 410 chuir von Linné síos ar scéimeanna chun plandaí is ainmhithe a rangú
    • i ranga (mar shampla,mamaigh i measc na n-ainmhithe),
    • ansin in oird (mar shampla, nafeoilitigh i measc na mamach),
    • ansin i gclanna (mar shampla, na hainmhithe conda i measc na bhfeoiliteoirí),
    • ansin in aicmí (mar shampla, namadraí i measc na n-ainmhithe conda),
    • ansin i ngnéithe (mar shampla, an madra baile i measc na madraí),
    • agus ar deireadh i speicis (mar shampla, an i measc na madraí baile).
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Carl_von_Linné&oldid=1279882"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp