Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Calgary

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCalgary

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósCalgarraidhCuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 51° 03′ N, 114° 04′ O / 51.05°N,114.07°W /51.05; -114.07
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaAlbertaCuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,306,784 (2021)Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,582.91hab./km²
Líon na dteaghlach466,725 (2016)Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deCalgary Metropolitan Region(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla825.56 km²Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Bow,Abhainn Elbow agusGlenmore Reservoir(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Airde1,045 mCuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 1875Áit lonnaithe
7 Samhain 1884Baile
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachCalgary City Council(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
• Méara CalgaryCuir in eagar ar WikidataJyoti Gondek(2021–)Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistT1, T2 agus T3Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód403, 587 agus 825Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincalgary.caCuir in eagar ar Wikidata

Facebook: CityofCalgaryGitHub: thecityofcalgaryCuir in eagar ar Wikidata

Cathair i gcúigeAlberta,Ceanada is eaCalgary. Tá Calgary suite i ndeisceart an chúige i measc cnoc íseal agus fásach féir, 89 ciliméadar nó mar sin taobh thoir de raonta tosaigh naSléibhte Creagacha. Sa bhliain 2006, bhí 1,096,833 duine ina gcónaí sa chathair féin agus é ar an tríú cathair is mó i gCeanada. Sa bhliain chéanna, bhí 1,214,839 duine i mórcheantar Chalgary, rud a fhágann gurb í Calgary an cúigiú mórcheantar uirbeach is mó sa tír.

Geilleagar

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá geilleagar Chalgary bunaithe ar anola agus ar an ngás nádúrtha, ar antalmhaíocht agus ar anturasóireacht. Bíonn anCalgary Stampede,rodeo agus aonach mór, ann gach bliain i mí Iúil ón bhliain 1912 anuas.

Tá Calgary 294 ciliméadar ó dheas óEdmonton, príomhchathair an chúige. “Bealach [Corridor] Calgary-Edmonton” a thugtar ar an tsraith bhailte beaga idir an dá chathair.

Bíonn Calgary rangaithe go hard ar shuirbhéanna a bhaineann le cáilíocht na beatha. Mar shampla, sa bhliain 2007 chuir an irisForbes Calgary sa chéad áit ar a liosta s'acusan de na cathracha is glaine arDomhan.[1]

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sa chathair Calgary féin, tá muid ar thalamh treibhe na Stoney Nakoda. Tá trí threibh dhifriúla taobh istigh den Stoney Nakoda; Chiniki, Bearspaw agus Wesley. Leoga, is é ‘Moh’kinsstis’ an fíorainm atá ar Calgary, sa teanga Blackfoot.[2]

Fort Brisebois a thugtaí ar an áit ar feadh tamall, ach sa bhliain 1876 d’ainmnigh an Coirnéal James MacLeod Fort Calgary é i ndiaidh Calgary (Gàidhlig:Calgarraidh) iMuile, inAlbain.

Tionóladh naCluichí Oilimpeacha Geimhridh den chéad uair riamh i gCeanada, in Calgary, sa bhliain 1988.

Aeráid

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Calgary International Airport – Aeráid
EanáirFeabhraMártaAibreánBealtaineMeitheamhIúilLúnasaMeán FómhairDeireadh FómhairSamhainNollaigBliain
Teocht is airde (°C)16.522.622.829.432.435.036.135.633.329.422.819.536.1
Meán-uasteocht an lae (°C)−2.8−0.14.011.316.420.222.922.517.612.12.8−1.310.5
Meán-bháisteach (mm)11.68.817.423.960.379.867.958.845.713.912.312.2412.6
Foinse: Environment Canada[3] Lúnasa 2010

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "Which Are The World's Cleanest Cities?" (Aibreán 2007).
  2. Aodhán Ó Baoill (2023-11-14). "Cuntas ó Cheanada: na Daoine Beaga i bhfolach" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-01.
  3. "Canadian Climate Normals 1971–2000". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 25 Meitheamh 2009. Dáta rochtana: 28 Lúnasa 2011.


Radharc ar lár Chalgary
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Calgary&oldid=1190941"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp