Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal é a bhfanann loinnir an airgid ghil ann a fhad is nach dtagann sé i dteagmháil lehocsaigin an aeir.
Tá imoibriú an chaeisiam leis anuisce, arís, níos feiceálaí agus níos fíochmhaire ná an t-imoibriú céanna ag na miotail alcaileacha níos éadroime ná é - le fírinne, tá an caeisiam in ann an t-imoibriú seo a dhéanamh leis an oighear féin má tá an teocht níos airde ná -116 °C.
Caesium-3, 1 gram
Is minic a shíltear go bhfuil an caeisiam radaighníomhach, ó scaipeadhiseatóp radaighníomhach na dúile seo timpeall na hEorpa i ndiaidhthubaiste Shearnóbail.
Le fírinne, áfach, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra ná133Cs, agus is iseatóp cobhsaí é. Na hiseatóip radaighníomhacha atá ag an gcaeisiam, ní mór iad a ghineadh go saorga. Scéal eile ar fad is ea é go bhfuil134Cs ar ceann de nanúiclídí is tábhachtaí leis an truailliú i dtimpeallacht na stáisiún adamhach cumhachta a thomhas.
Cs2 - B12H12
Má chuirtear salann caeisiam trí thine, aithneofar an caeisiam ar an lasair ghorm. Sin é an tuige go dtugtar "caeisiam" ar an dúil seo, nó is focalLaidine écaesius a chiallaíonn "gealghorm" nó "spéirghorm".
Is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcaeisiam ina chuid comhdhúl ná +1, ar ndóigh. Tugann tuairiscí áirithe le fios, áfach, go bhfuil an fluairín inniúil ar an gcaeisiam a ocsaídiú go huimhreacha níos airde fós.