Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Cána siúcra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cána siúcra

Féar atá cosúil lebambú, ach le cánaí boga 3-8 m ar airde is 3.5-5.0 cm ar trastomhas. Bán go scothbhuí/glas, dearg nó scothchorcra. Fástar i réigiúin thrópaiceacha is fho-thrópaiceacha é. Cheaptaí le fada gurplanda seasc é, ach faoi seo tá cuid mhaith hibridí bríomhara torthúla ar fáil. Gearrtar an cána is mionghearrtar i bpíosaí é roimh é a fhliuchadh tríd is tríd in uisce leis ansiúcra a eastóscadh amach as. Ansin déantar antuaslagán siúcra a scagadh, a léirghlanadh is a thriomú. De réir mar a thriomaíonn sé, criostalaíonn ansiúcrós amach as, ag fágaint an mholáis ina dhiaidh. Tá an siúcra amh donn, agus is féidir é a íonghlanadh a thuilleadh chun siúcra bán a tháirgeadh. Níl aon difríocht cothaithe idir siúcra donn is siúcra bán.[1]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Cána siúcra".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 112.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Cána_siúcra&oldid=1149189"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp