Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Cábla fomhuirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cábla cumarsáide trasatlantach,Oileán Dairbhre

Téann 99% d’eolas teicneolaíoch an domhain trícháblaí fomhuirí (cábla fo-thoinncábla fomhuirí).[1][2] Tá tuairim is 500 acu ar fud na cruinne agus breis is 1.4 milliún ciliméadar de chábla i gceist. Fiú i ré na satailítí, is faoi thoinn atá an t-ollbhealach eolais ag gluaiseacht seachas os ár gcionn in airde.[3]

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Chuir an cábla fomhuirí tús le ré an eolais. Sna 1840idí is ré eile ar fad a bhí againn agus an scaipeadh eolais ag brath ar dhúch agus ar pháipéar. Ach in 1844 sheolSamuel F. B. Morse teachtaireacht theileagrafach óWashington DC goBaltimore. Bhí athruithe claochlaitheacha ar na bacáin.

Leagadh an chéad chábla cumarsáide trasatlantach idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1866.[4] Síneadh cábla teileagrafach ó Heart’s Content i dTalamh an Éisc go hOileán Dairbhre. Chiallaigh sin go rabhthas ábalta teachtaireacht a sheoladh  3,000 ciliméadar trasna an Atlantaigh i gcúpla nóiméad, teachtaireacht a thógadh cúpla seachtain roimhe sin. Cuireadh deireadh leis an tseirbhís i 1966.[4]

Éire

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá Éire suite in áit straitéiseach agus tá freagracht shuntasach ar an tír i leith na gcáblaí idirnáisiúnta dá bhíthin sin. 75% de cháblaí cumarsáide na leathchruinne thuaidh, téann siad tríd Éirinn nó i ngaireacht di agus táthar amhrasach faoina shláine ar ionsaí atá siad. Táthar imníoch go háirithe faoi inlíochtaí Chabhlach na Rúise amach ó chósta thiar theas na hÉireann.Ag an am céanna, caitheann na hÉireann 0.2% dá holltáirgeacht intíre ar chúrsaí cosanta, an méid is lú san Eoraip.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "Submarine communications cable" (as en) (2025-02-03).Wikipedia. 
  2. "Submarine power cable" (as en) (2025-02-04).Wikipedia. 
  3. Breandán M Mac Gearailt (19 Lúnasa 2024). "Dúléim na guaise ó Dhairbhre go Talamh an Éisc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-20.
  4. 4.04.1Nuacht RTÉ (2016-07-05). "Athchóiriú ar stáisiún cábla Dhairbhre" (as en). 
  5. Nuacht RTÉ (19 Fea 2025). "Imní faoi chomh slán ar ionsaí atá cáblaí fomhuirí" (as ga-IE). 
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Cábla_fomhuirí&oldid=1258575"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp