Is éard atá i gceist lebulaíocht[3] (nóciapadh[4] uaireanta)[5] ná ionsaí leanúnach, labhartha, síceolaíoch nó fisiciúil, á dhéanamh ag duine aonair nó ag grúpa ar dhaoine eile.[6] Airítear sna nósanna imeachta bulaíocht maidir leféiniúlacht inscne,cibearbhulaíocht, bulaíochtchiníoch agusciapadh gnéasach.[7]
Sainmhíníonn anRoinn Oideachais in Éirinn an bhulaíocht mar iompar diúltach nach dteastaíonn, briathartha, síceolaíoch nó fisiceach, a dhéanann duine aonair nó grúpa i gcoinne duine (nó daoine) eile agus a dhéantar arís agus arís eile le himeacht ama. Meastar freisin gur iompar bulaíochta é teachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí aonuaire atá maslach nó díobhálach a chur ar Láithreán líonra sóisialta nó ar fhóram poiblí eile inar féidir leis an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil nó a athrá.[8]
D’fhéadfadh ionsaithe ó bhéal nó ionsaithe fisiciúla a bheith i gceist leis atá ceaptha an bonn a bhaint ó chumas duine a gcuid oibre a dhéanamh, idirghníomhú le daoine eile, nó am a chaitheamh i dtimpeallachtaí éagsúla amhail áiteanna oibre, scoileanna nó áiteanna poiblí nó príobháideacha eile.[9]
Le gur féidir a rá gur maistíneacht atá ann, ní foláir gur cionta a dhéantar arís agus arís eile a bheadh i gceist seachas rud a tharlaíonn aon uair amháin (agus a bhféadfadh sé go ndearnadh gan chuimhneamh é).[9]
Ní háirítear ionsaí uair umá seach mar bhulaíocht cé nach dtabharfar cluas bhodhar dó. Ach bíodh sin mar atá, nuair a leanann an iompar seo d’aonghnó, is é atá ann ná bulaíocht.[10][11]
Is iomaí cineál bulaíochta ann. Tarlaíonn sé sa láthair oibre agus sa scoil agus fiú ar Wikipedia.[2]
De ghnáth tá cosc ar aon sórt bulaíochta. Ach níl sé éasca dul i ngleic le hiompar bulaíochta agus bearta a chur i bhfeidhm chun bulaíocht a chosc
Ábhar imní mór ag tuismitheoirí is ea an bhulaíocht. D'fhéadfá a rá go dtarlaíonn bulaíocht i ngach scoil.[12] De réir a bhfuil san athbhreithniú sa bhliain 2024 a rinne cigirí naRoinne, deir duine as gach ceathrar daltaí bunscoile go ndearnadh bulaíocht orthu. Duine as gach cúigear atá i gceist i scoileanna dara leibhéal.[7]
Moltar sa scoil tuairisc a thabhairt ar na heachtraí seo. Fiosraítear is coimeádtar cuntas ar gach tuairisc ar bhulaíocht fiú más beagthábhachtach iad agus déanann na múinteoirí plé leo. Déantar taifead ar gach eachtra bulaíochta (tá sé i gceist fiú bunachar sonraí náisiúnta a bhunú dá réir).[7] Cuireann an Príomhoide tuismitheoirí nó caomhnóirí na leanaí lena mbaineann na heachtraí ar an eolas ionas go mbeadh sé ar a gcumas oibriú leis an scoil chun gach tacaíocht a thabhairt dá leanaí.
Ba cheart cosaintí in aghaidh na bulaíochta a threisiú. Cuirtear an-bhéim air cinnte nach bhfuil aon ghlacadh le bulaíocht. Ach níl sé éasca athruithe a dhéanamh ar an gcultúr go minic. Iarrtar ar gach duine i scoileanna na tíre a bheith cineálta le chéile. Thosaigh feachtas den saghas seo sna Stáit Aontaithe in 2022)[1][13] agus in Éirinn in 2024.