In áiteanna sléibhtiúla, cuirtear an tréad ar féarach sna sléibhte le linn an tsamhraidh agus ar thalamh níos ísle nó i ngleannta le linn an gheimhridh, cleachtas a dtugtar "buailteachas sléibhe" air. Go ginearálta, is iad na tréada amháin a théann ó áit go háit, in éineacht le líon beag daoine a dhéanann buachailleacht orthu, agus fanann an chuid eile den phobal sa bhaile, go hiondúil sna gleannta.
I gcodarsnacht leis seo, tugtar "buailteachas cothrománach" ar ghluaiseacht ar thalamh cothrom, mar shampla ar mhachairí nó ar ardchlár. Is mó seans go gcuirtear cúrsaíaeráide,eacnamaíochta, nópolaitíochta isteach ar an mbuailteachas cothrománach.[1]
Tá samplaí den bhuailteachas ar fáil ar fud an domhain, go háirithesan Eoraip agus in iartharna hÁise. Tá sé tábhachtach do shochaithe tréadacha, toisc go gcuimsíonn na táirgídéiríochta a thagann ó na tréada (bainne,im,iógart, aguscáis) cuid mhór d'aiste bia na bpobal sin.
I nGaeilge, tugtar "buaile" ar ghort féaraigh a úsáidtear le linn an tsamhraidh (nó ar áit le ba a chrú ina leithéid de ghort), agus is as sin a thagann an focailbuailteachas. In go leor teangacha eile, tá téarmaí speisialta ar na tailte arda féaraigh a úsáidtear le linn an tsamhraidh, agus is minic a fheictear na téarmaí sin i logainmneacha: m.sh.hafod saBhreatain Bheag,shieling inAlbain, nóalp saGhearmáin, sanOstair, agus sanEilvéis.
In Éirinn, faightear an focal “buaile” in go leor logainmneacha in áiteanna a gcleachtaí an buailteachas, mar shamplaAn Bhuaile,An Bhuaile Bhán,An Bhuaile Bheag,An Bhuaile Dhubh,Baile na Buaile,Buaile na hAbhann, srl. Tá an logainmCnoc an tSamhraidh measartha coitianta freisin, ar an gcúis chéanna. Téann an buailteachas siar go dtían Mheánaois Luath in Éirinn, nó fiú níos luaithe. Bhí sé luaitesan Fhéineachas. Tháinig laghdú ar an gcleachtas sa 19ú haois mar gheall ar thiarnaí talún a chuir cosc ar innilt ar a n-eastát. Chuirtí an beostoc i ngabhann agus ghearrtaí fíneálacha troma ar na tréadaithe. Mar sin féin, mhair an buailteachas in iarthar na hÉireann suas go dtí aimsir anDara Cogadh Domhanda.[2] Chuir imirce shéasúrach go hAlbain agus go Sasana isteach ar an gcóras, in éineacht le heisimirce bhuan go dtí naStáit Aontaithe.