Rugadh Epstein iLearpholl,Sasana sa bhliain 1934. Bhísiopa troscáin ag a thuismitheoirí Harry agus Malka, áit ina cheannaigh teaghlachPaul McCartney pianó lá amháin. Chuaigh Epstein isteach san airm i1952, agus ansin rinne sé staidéar ag anRoyal Academy of Dramatic Art (RADA), ag an am céanna leis na haisteoiríPeter O'Toole,Susannah Yorke agus daoine eile. Chaill sé a shuim san aisteoireacht, áfach, agus thug a athair post dó sa North East Music Stores (NEMS), ina bhainisteoir ar an roinn na gceirníní. Tar éis tamaill, d'oscail a athair siopa nua freisin agus bhí Epstein ina bhainisteoir ar an ngnó ar fad. Thosaigh a shuim sa cheol ag fás sa phost seo, agus ar an3 Lúnasa1961 thosaigh sé ag scríobh a cholún féin san irisMersey Beat.
Nuair a bhí Epstein ag obair i NEMS, tháinig cúpla duine sa siopa ag iarraidh an t-albam a rinne Tony Sheridan leis The Beatles saGhearmáin a cheannach. Ní raibh Epstein ábalta é a fháil, áfach. Mar thoradh, chuaigh sé go dtí an Cavern Club i Learpholl lá amháin chun iad a fheiceáil, agus eolas faoin cheirnín seo a fháil. Agus é ag féachaint orthu, bhain Epstein sult as an taispeántas, agus thaitin na Beatles go mór leis mar dhaoine freisin. Ag cruinniú ar an10 Nollaig 1961, shocraigh an banna go mbeidh Epstein ina bhainisteoir nua orthu. Shínigh siad conradh i dteach drumadóirPete Best ar an24 Eanáir1962.
NBC, 1965
Ní raibh aon taithí ag Epstein, ach ba bhainisteoir láidir é i gceann tamaill. Ar dtús, bhí sé an-deacair dóibh conradh ceoil a fháil i Sasana. Sa deireadh, chuaigh siad go dtí EMI Parlophone, agus bhuail siad leis an léiritheoirGeorge Martin. D'éist Martin leis an banna, agus cheap sé go raibh siad go maith. Ní raibh Martin ró-tógtha le scileanna Pete Best mar dhrumadóir, ámh, agus cuireadhRingo Starr isteach ina áit.
Chomh maith leis na Beatles, bhí Epstein ag obair le grúpaí agus amhránaithe eile freisin, mar shamplaGerry and the Pacemakers, Billy J. Kramer agusCilla Black.
Ag deireadh a shaoil, bhí an-imní ar Epstein go raibh an banna déanta leis. Bhí sé socraithe acu nach mbeadh siad ag dul amach ar chamchuairt arís, agus de bharr sin bhí níos lú le déanamh ag Epstein. Bhí sé ag fulaingt le gruaim freisin. Fearhomaighnéasach a bhí ann, rud a choimeád sé faoi rún. Deir daoine éagsúla go raibh caidreamh homaighnéasach idir eisean agusJohn Lennon, ach níl aon eolas cinnte ar fáil faoi seo.
Fuair Epstein bás ar an 27 Lúnasa 1967 nuair a bhí baill an bhanna saBhreatain Bheag leis an Maharishi Mahesh Yogi.Ródháileog ab ea é, ach níltear cinnte gurb é féinmharú a bhí i gceist.